top of page

Jimín Caib. 3(a). Bás don Mháistir

  • 5 days ago
  • 3 min read

In which Jimín contemplates the most awful death he can think of for his enemy, the Master, who keeps making up daft questions out of his head in order to catch boys out, and canes Jimín when he says the Master's answer doesn't make sense.



Jimín 3(a) Bás don Mháistir

Jimín Caib 3 (a) : Jimín ag samhlú báis uafásach don Mháistir.

 

'Sé an Máistir an tarna namhaid atá agam - é níos measa ná Mam.

 

Ní bhíonn stad air ach ag cur ceisteanna crua orainn le réiteach gach aon lá. As a cheann amach is ea a cheapann sé iad gan ghá gan riachtanas.

Ní hí an saghas ceiste a bhí le réiteach sa tSamhradh idir Eoin agus Donncha Beag.

 

Thóg Eoin agus Donncha Beag móinéar eatarthu. Nuair a bhaineadar agus shábháladar é bhí trí cocaí móra agus cúig cocaí beaga. Ní fhéadfaidís an féar a roinnt ina dhá leath.

Thug Eoin bithiúnach ar Dhonncha Beag agus bhí Donncha ag iarraidh Eoin a shá le píce.

Theip ar mhuinntir an bhaile an roinnt a dhéanamh. Dúirt an Máistir ná féadfadh seisean.

Sa deireadh thiar tháinig fear ón Daingean..

 

Ní stadann an Máistir ceisteanna a cheapadh chun sinn a chur i bponc:

'Capall ar sodar - raghadh sé deich míle in uair an chloig: an mó míle a bheadh sé ó bhaile i gcionn ceithre huaire fichead?'

 

Bhuel, ní raibh fhios agamsa agus d'éiríos as. Tháinig an Máistir comh fada liomsa:

'An amhlaidh ná fuil a fhios agat é?'

'Níl a Mháistir,'

Chuir sé na figiúirí ar an gclár dubh.

 

'A ceathair fé dheich?' ar seisean

 

'sin a daichead,' arsa mise

 

'A dó fé dheich?' ar seisean.

'Sin a fiche,' arsa mise

 

'Agus a ceathair?'

 

'Sin a ceathair fichead', arsa mise.

Chuir sé 240, ar an gclár dubh.

 

'Anois an mó míle ó bhaile do bheadh sé?' arsan Máistir.

 

'Ní fheadar', arsa mise.

 

'Léan id' cheann cipín!' arsan Máistir, 'ná tuigeann tú dá n-imíodh capall 10 míle in uair an chloig go raghadh sé 240 míle i gceithre huaire fichead?'

 

'Ní raghadh', arsa mise, 'chaithfeadh sé stad nó thitfeadh sé leis an ocras, nó raghadh cloch ina chrúb, nó...'

 

'Éist do bhéal,' arsan Máistir. 'Sín amach do lámh'.

 

Thairg sé dhá stiall de shlait ar mo laipín, a mhic ó, agus chuir sé síos go bun an scoile mé nuair a bhíos ag gol.

 

Bhíos i bhfad thíos im' shuí agus mé cráite go leor. Bhíos ag cuimhneamh ar an saghas báis ba mhaith liom a thabhairt don Mháistir. Ba mhaith liom rith chuige agus é a bhualadh deas agus clé agus é a thachtadh agus a chorp a chaitheamh  i bpoll portaigh agus cloch mór ceangailte dá mhuinéal.

 

Ba mhór an sásamh liom an socrú san a bheith déanta agam ar an Máistir agus ansan bhíos ag scríobh ceisteanna chun eisean a chur i bponc.

 

Foclóir

ceist le réiteach = question to solve

gan ghá gan riachtanas = without need or necessity

as a cheann amach = out of his head

thógadar móinéar eatarthu = the cultivated a meadow                                                        between them

bhaineadar agus shabháladar = they cut and saved

Léan id'cheann cipín! = you thickhead!

thairg sé dhá stiall de shlait= he gave 2 cuts of the cane

mo laipín = my little paw.

deas agus clé = a right and a left

é a thachtadh = to choke him

muinéal = neck





 
 
 

Recent Posts

See All
Jimín 4(a) Cailíní!

In which Jimín finds girls to be uselesss except for screeching and scratching. When Mam tells him to play with his younger sister Cáit he wins all her pretty buttons. When she refuses to hand them ov

 
 
 
Jimín Caib. 2(b) Ceachtanna Cráite

In which Jimín tries to escape homework by lying but Micilín Eoin spills the beans. Jimín goes after Micilín who hides at home. Jimín calls him 'bandy legs', the nickname people in the town have for h

 
 
 
Jimín 2; an Gandal

Jimín, Caib 2 In which Jimín is in trouble for hitting Beit's gander on the side of the head with a stone, and trying to ride the white calf. Mam defends him to Beit but then to his surprise gives h

 
 
 

Comments


bottom of page