top of page

Kick-ass Cop L2, Díoltas Caib. 5

  • Padraig de Baroid
  • Nov 20
  • 4 min read

Caib 5

An plean (1)   

 

Foclóir

ag béiceadh = shouting

ag brath = depending

duine in íochtar = inferior

Kick ass L2 an plean 1

éide = uniform

i bhfeidhl = in charge

níor lig sé air = didn't let on

goile = appetite

feistithe = equipped

 

Tar éis imeachta Duck ar meisce thug an t-Óstóir nod do na buachaillí. D'fhan siad siar.

 

'Bhuel, a cháirde, cad a shíleann sibh faoi mo dhuine?'

 

'Fíorshrónach go cinnte', arsa fear amháin.

 

'An bhfaca sibh na bróga móra dubha snasta?'

 

'Gach rud ag béiceadh 'póilín'.

 

'Ach, cad tá uaidh?'

 

'B'fhéidir gur chuala na hÚdaráis faoi na toitíní. Beidh bád ag teacht isteach oíche 'márach. Tá stór sa teach seo 'gamsa réidh chun bheith seolta go dtí an mór-thír.

 

Ní thuigim conas ar féidir leo é sin a fháil amach. Ag an am céanna tuige an bhfuil sé anseo. Is na cianta ó bhí Garda ar an oileán.'

 

'Cad a dhéanfaimid?'

 

'Bhuel', arsan t-Óstóir, 'cuirigí an focal timpeall go bhfuil sé anseo, agus go gcaithfimid bheith fíorchúramach ag caint leis. Tá an Nollaig ag teacht agus táimid ag brath ar an airgead beag a thagann ó na toitíní céanna. Tá na daoine ar an mór-thír ag feitheamh.'

 

Bhí póit ólta agus drochaoibh ar Duck nuair a dhúisigh sé. Níor chuidigh sé nach raibh bia ar bith ina bholg aige le ceithre uair is fiche. Faraor, mar is gnáth le daoine mar é, d'íocfadh na daoine íochtaracha dó ar a dhrochaoibh.

 

Rinne sé é féin a bhearradh in uisce fuar salach. Ní raibh éadaí trim aige ach a éide Gharda.

 

D'fhéach sé ar an seanrothar pollta; Chuardaigh sé na tarracháin agus, a Dhia na nGlór, bhí seanpumpa ann. Phumpáil sé na boinn agus d'fhan an t-aer istigh. Ní raibh siad pollta.

 

Smaoinigh sé ar gach a thárla ó tháinig sé. Bhí sé cinnte go raibh rud éigin faoi cheilt ag na h-oileánaigh tuatánacha.

Duck agus a Spéaclaí dubha
Duck agus a Spéaclaí dubha

 

 Ag déanamh aithrise ar Cop i seó Meiriceánach, chuir sé spéaclaí dubha ar a shrón; d'fhéach sé insan scathán briste; labhair sé leis féin trín a shrón mar cop Meiriceánach:  

'No more Mr Nice Guy. Time to Kick-ass!' B'fhéidir é gur oileáinín Dia-thréigthe é seo ach beidh mise im' Rí air.'

 


Gléasta ina éide Gharda; a thóin ramhar ar an seandiallait míchompordach thug sé aghaidh ar an sráidbhaile.

 



ree

Nuair a shrois sé an sráidbhaile bhí goile mór air.  Lig an t-Óstóir go raibh ionadh mór air:

'An é tú féin atá ann! Tuige nach dúirt tú aréir. Bhí fhios againn gur duine mór le rá thú ach níor rith sé linn gur Garda Síochána thú.

Fáilte is fiche romhat go Inis Tuaisceart. Is fada ó bhí Garda flaithiúil mar thú féin againn.

 

D'oibrigh an plámás ar Duck, ach níor lig sé air, a shúile dofheicthe taobh thiar de na spéaclaí bréagMheiriceánach a cheannaigh sé i gCill Áirne bliain ó shin. Bhí plean aige.

 

An plean (2)

 

Foclóir

greim bricfeásta = bite of breakfast

feistithe = equipped

chaolaigh sé = he narrowed

todóg = cigar

géilliúil don dlí = law-abiding

an Plean 2

neartú = re-enforce

athnuacht = renew

dofheicthe= invisible

foirgneamh = building

páipéarachas = paperwork

bád rámhaíochta = rowing boat

ní mar a síltear a bítear = things don't work out as you think

 

D'iarr Duck bricfeásta ar an Óstóir.

 

'D'fhéadfadh mo bhean greim bricfeásta a chur le chéile duit - ní dóigh liom go bhfuil an Stáisiún feistithe duit fós.'

 

D'alp sé na huibheacha, bágún, ispíní, agus arán friochta.

 

Ansan las sé todóg beag - mar a rinne a laoch, Clint Eastwood i 'Dirty Cop'; bhain sé na spéaclaí dubha dhe; chaolaigh sé a shúile trí deatach na todóige- mar a chonaic sé á dhéanamh ag Clint ins na scannáin.

 

'Is stráinséir mé san áit Dia thréigthe seo. Beidh cabhair uaim chun an smacht cuí a chur air. Beidh mé an-bhuíoch ar an gcabhair sin. 'Dtuigeann tú?'

'Cuideoidh mé leat aon slí is féidir liom, a Gharda. Is saoránaigh géilliúla don dlí sinne ar an oileánín seo.'

 

Ach thuig Ó'Dálaigh an bhagairt.

 

Ansan lean Duck, an bhagairt á neartú aige:

 

'Cathain a bheidh athnuachan do cheadúnais?

 

'I gcionn leathbhliana.'

 

Chuir sé na spéaclaí dubha ar ais ar a shrón:

'Beidh mé ar ais am lóin. Idir an dá linn smaoinigh ar a dúirt mé.'

 

Gan pinginn a thairiscint don bhricfeásta, gan fiú focal buíochais, d'fhág sé an bord. Shiúl sé timpeall an tsráidbhaile.


Níor thuig sé go raibh namhaid baolach déanta aige, i bhfad níos clistí ná é féin. Áfach, ní bheadh fhios aige go raibh an namhaid céanna i ngar dó. Bheadh an meangadh bréagfháilteach céanna ar gnúis Uí Dhálaigh.

 

Chuaigh Duck isteach i ngach foirgneamh agus ceardlann sa sráidbhaile; d'iarr sé ceadúnais agus páipéarachas.

Sa chuan beag chuaigh sé ar bord gach bád iascaireachta agus scrúdaigh sé go cruinn gach bád, agus d'éiligh sé páipéarachas gach bád freisin.

 

Bhí sé fuar mícháirdiúil le gach duine, a shúile dofheicthe taobh thiar de na spéaclaí dubha; an teachtaireacht á chur amach aige go beacht, cruinn, soiléir- gur eisean a bhí i bhfeidhl an oileáin anois agus ná dein dearmad ar.

 

Maistín den scoth ab ea Duck, agus ba scanradh an úirlis a roghnaigh sé. Ba é an stratéis amháin a bhí aige ag déileáil le daoine.


 

Ach 'ní mar a síltear a bítear' a deireann an seanfhocal.


Ní fhaca Duck an naomhóg ag druidim go ciúin ar tráiléir lasmuigh den chuan sa chlapsholas


Naomhóg
Naomhóg

 

 
 
 

Recent Posts

See All
Leadrán/fadálacht; Boredom/tedium

Boredom and tedium are common experiences for us all. Sometimes the foclóir is lacking to express this. Here are a few ways of expressing boredom: Fad-/ leadrán Tosnaímis le 'fad-' = length Fad/fa

 
 
 
An Dá Phápa, Léirmheasín

Scannán 'The Two Popes.'   léirmheas = critique léanta = learnêd toghe na Coimeádaithe = head of the Conservatives Liobarálaithe = Liberals aerach = gay comhghnéas = same sex go hiomlán in aghaidh a

 
 
 
Focal úsáideach i gcomhrá : cumas

Focal fíorthábhachtach é: 'cumas', agus na focail a fhásann uaidh ms:'míchumas'. Focal úsáideach i gcomhrá I chose this word because it is so important in helping us to deal with not just ability but

 
 
 
bottom of page