top of page

Kick-ass Cop, L2, Díoltas, Caib 6

  • Padraig de Baroid
  • Nov 26
  • 6 min read

Díoltas Caib 6

 

Sáru 1

 

Foclóir

Sárú = defeat

saor in aisce = free

eagraithe = organised

Kick-ass L2 Sárú 1

neamhspleáchas = independence

tóraíocht an ghadhair = wild goose chase

ag lastáil = loading(cargo)

snáthaid = needle(hypodermic)

scleondar = excitement

fothrach = ruin

 

Ina luí ar a leaba salach bhi Duck lánsásta leis féin agus le obair an lae. Bhi muintir an tsráidbhaile scanraithe aige; bhí béilí saor in aisce eagraithe aige; bhí fhios ag cách gan aon ago cé bhí i gceannas.

 

B'fhéidir nách ró-olc an post é; ni raibh mórán le déanamh; ní raibh an beastard de Cheannaire ag cur isteach air; neamhspleáchas. Ar ndóigh, d'fhéadfadh sé a bheith an-compordach anseo. Thit sé ina chodladh go sámh.

 

Ach, arís, 'Ní mar a síltear a bítear'.

 

Fhaid is a bhí Duck ag brionglóid faoin a bhuntáistí ar an oileán bhí buachaillí na naomhóige ag caint le buachaillí an trálaeir, agus ní ar leas Duck an caint céanna.

 

'Ní mór dúinn é a chur ar tóraíocht an ghadhair i bhfad ón gcuan fhaid is atáimid ag lastáil na toitíní.

 

'Conas a dhéanfaimid é sin?'

 

'Lig domsa é. Beidh focal agam leis an nDálach.'

 

Timpeall an mheán-oíche músclaíodh Duck. Bhí duine éigin ag an doras. Síos an staighre leis; d'oscail sé an doras. Faic! Faic na fríde! Ní raibh éinne ann. Ar tí an doras a dhúnadh thug sé faoi dheara beartán ar leac an dorais.

 

Thóg sé an beartán go dtí an bord agus d'oscail.

Istigh bhí snáthaid úsáidte, agus nóta. D'éirigh a scleondar is é ag léamh an nóta:

'fuarthas é seo i mbothán tréigthe i dtuaisceart an oileáin. Cara leat.'

 

Bhí a phlean ag obair. 'Sea! Cuir scanradh ar na tuatánaigh agus geobhaidh tú torthaí.

 

Sárú 2

Foclóir

suntas = notice/attention

Sárú 2

leochaileach = tender

ó thuaidh = in the north

fothrach = ruin

murar mhiste leat = if you don't mind

cúlráideach= emote/off the beaten track

mé a chur amú = misdirect me

lasta = cargo

 

Bhí sé ar sceitimíní is é á bhearradh féin ar maidin. Níor thug sé suntas ar an uisce fuar salach. Ag rothaíocht go dtí an teach tábhairne níor thug sé suntas dá thóin leochaileach.  

 

Bhí an meangadh is an fáilte céanna ag Ó'Dálaigh.

 

'Bricfeásta maith don Gharda cóir, a bhean', ar sé lena bheanchéile.


'Tá aoibh mhaith ort ar maidin, a Gharda, an é dea-nuacht?'

 

'Thar barr, a Óstóir, thar barr.'

 

D'alp sé a bhricfeásta friochta mar a rinne sé an lá roimhe; las sé an todógín mar a rinne sé an lá roimhe; bhain sé na spéaclaí dubha dhe mar a rinne sé an lá roimhe; chaolaigh sé a shúile tríd an deatach mar a rinne sé an lá roimhe:

'Tá seanbhothán tréigthe ó thuaidh. Cad é an bealach is fearr ann?'

 

'Cad ba mhaith leat leis an bhfothrach sin? Tá sé tréigthe leis na cianta.'

 

'Cuirfidh mise na ceisteanna, go raibh maith agat. Na treonna, murar mhiste leat.'

 

'Gabh mo leathscéal, a Gharda, ní raibh sé ar intinn agam bheith fiosrach.

Tríd an sráidbhaile agus lean ar aghaidh trí nó ceithre míle nó mar sin. Tá an bothán cois farraige ag deireadh an bhóitrín atá ag deireadh an bhóthair. Ní dóigh liom go bhféadfá rothaíocht sios an bóithrín tá sé ró-garbh. Ach mar a dúirt mé, ní dóigh liom gur chuaigh duine ar bith ann le fada an lá.'

 

Níor thug Duck aird ar bith. I bhfírinne cheap sé go raibh Ó'Dálaigh ag iarraidh é a choinneál ón mbothán suimiúil.'

 

Ag feadaíl, a spéaclaí dubha ar a shrón, bhuail sé an bóthar, ullamh chun dul i ngleic le drong baolach drugaí - díreach mar a rinne a laoch, Clint Eastwood i 'Dirty Cop'.


Ní fhaca sé an meangadh ar gnúis Uí Dhálaigh.

 

Comh luath is a bhí Duck míle nó dhó ón sráidbhaile tháinig an naomhóg i dtír. I gcionn ceathrú uair a' chloig bhí an naomhóg agus a lasta toitín ar an mbealach go dtí trá ciúin cúlráideach ar an mór thír. Um thráthnóna bheadh na toitíní céanna ar dhíol trasna an Chontae agus ní bheadh fiannaise ar bith go raibh siad riamh ar Inis Tuaisceart.

 

Nuair a thiocfadh an naomhóg ar ais bheadh airgead na Nollag ag na hOileánaigh.

 

Sáru 3


Foclóir

burlóg stáin = wrap of tinfoil

treallamh = equipment

aniar aduaidh = crept up

Sárú 3

righin = stiff

ag tochas = scratching

cealga = stings

míoltóg ghainnimh = sand fly

tásc ná tuairisc = hide nor hair

ciaptha = tormented

dóigh is andóigh = high and low

ceap magaidh = laughing stock

comhcheilg = conspiracy


Sa deireadh thiar shrois Duck deireadh an bhóthair agus barr an bhóithrín.


I ngan fhios dó bhí súile géara ag faire air. Súile a bhí ann ó d'fhág sé an teach tábhairne.

 

Rith sé le Duck go raibh an ceart ag Ó'Dálaigh: bhí an bóithrín ró-garbh don seanrothar. D'fhág sé an rothar barr an bhóithrín agus thosnaigh ag siúl síos an leath mhíle nó mar sin go dtí an seanbhothán ar an dtrá. Um an dtaca á shroisint bhí sé fliuch báite allasach.


ree

 

ree
ree
ree



Bhí an ceart ag Ó'Dálaigh arís. Bhí an bothán tréigthe. Áfach, bhí mála codlata salach ar an urlár agus lena thaobh bhí burlóg stáin agus spúnóg cam agus lastóir - gnáththreallamh úsáideoirí.

 

'Ar ndóigh, níl sé comh thréigthe is a deirtear', arsa Duck leis féin.'B'fhéidir go raibh Ó'Dálaigh ag iarraidh mé a chur amú.'

 

D'aimsigh sé áit le fothain as radharc agus shochraigh sé é féin ag faire, an bothán i radharc aige.

 

Bhí sé teolaí, agus diaidh ar ndiaidh tháinig néal codlata aniar aduaidh air.

 

Dhúisigh sé cúpla uair a' chloig níos déanai, é fuar, é righin, ag tochas cealga na mílte míoltóg ghainnimh.  

 

Ach, úsáideoir druga? faraor, ní raibh tásc ná tuairisc.

 

Drochaoibh air, thosnaigh sé suas an bóithrín ag tochas na cealga a bhí á chéasadh.

 

'Dar fia, íocfaidh duine éigin ar seo. Tosnóidh leis an gcladhaire úd Ó'Dálaigh. is cinnte gur chomhcheilg atá ann, agus tá an fear sin i gceannas air. Beidh aiféaltas air, bí cinnte dhe sin.


'Aimseoidh mé na daoine eile agus go bhfóire Dia orthu.'

 

Um an dtaca seo bhí sé ag análú go trom; ag cur allais; agus ciaptha ag na cealga. Anois bhí trí nó ceithre míle le dul aige ar a sheanrothar.

 

Shrois sé barr an bhóithrín agus an áit in ar fhág sé an seanrothar. A thiarachais! Ní raibh rian de san áit inar fhág sé é! Chuardaigh sé dóigh is andóigh ach obair in aisce!


Goidte! Rothar an Gharda goidte! Bheadh sé ina cheap magaidh arís!



Sárú 4


Foclóir


neamhchumhachtach = helpless/powerless

mífholláin = unhealthy

go bhfóire Dia orthu = God help them

ag bacadaíl = limping

siotgháire = giggling

anachain = misfortune/ disaster

Sarú 4

d'aonturas = deliberately

dodheisithe = unrepairable

spága = feet

traochta = exhausted

bréan = foul smelling


Beagnach ag gol leis an bhfrustrachas neamhchumhachtach

thosnaigh sé ag siúl - aclaíocht gur bheag an taithí a bhí aige air. Bhí sé ramhar agus mífholláin agus i mbaol taoma croi. Níor chuidigh sé go raibh a spága mára, boga i mbróga móra, crua. Ní ro-fhada go raibh sé ag bacadaíl go pianmhar.

 

Níos mó ná dhá uair a' chloig níos déanaí streachail sé é féin tríd an sráidbhaile. Níor bheannaigh sé le duine ar bith, ach bhí fhios aige go raibh siad ag faire is ag siotgháire, agus ag baint sult as a chuid d'anachain.

 

Lean sé gan stad go dtí an teachín.  

 

Chun masla a chur le dochar, bhí an seanrothar ós comhair an dorais amach, na boinn pollta d'aonturas agus dodheisithe. As seo amach ní bheadh ach a spága móra, boga, i mbróga móra, crua aige.

 

Chaith sé é féin ar an leaba salach. Bhí sé traochta, ciaptha, salach; ní raibh fiú fuinneamh aige díoltas a bhagairt ar na daoine a chur ar thóraíocht an ghadhair é, agus a mhaslaigh é le gadaíocht a rothair. Sa deireadh thiar thit sé ina chodladh míshuaimhneach corrthónach.

 

Dhúisigh sé ar maidin cráite ag na cealga; a cholainn bréan, salach; bearradh de dhíth; agus gan éide glan aige.


in ísle brí bhí sé cinnte go raibh sé féin agus a phlean sáraithe go huile is go hiomlán ag tuatánaigh aineolacha.   

 

 
 
 

Recent Posts

See All
Leadrán/fadálacht; Boredom/tedium

Boredom and tedium are common experiences for us all. Sometimes the foclóir is lacking to express this. Here are a few ways of expressing boredom: Fad-/ leadrán Tosnaímis le 'fad-' = length Fad/fa

 
 
 
An Dá Phápa, Léirmheasín

Scannán 'The Two Popes.'   léirmheas = critique léanta = learnêd toghe na Coimeádaithe = head of the Conservatives Liobarálaithe = Liberals aerach = gay comhghnéas = same sex go hiomlán in aghaidh a

 
 
 
Focal úsáideach i gcomhrá : cumas

Focal fíorthábhachtach é: 'cumas', agus na focail a fhásann uaidh ms:'míchumas'. Focal úsáideach i gcomhrá I chose this word because it is so important in helping us to deal with not just ability but

 
 
 

Comments


bottom of page