Kick-ass Cop, L2, Díoltas, Caib. 7
- Padraig de Baroid
- Nov 29
- 4 min read
Caib 7
An Buille Scoir 1
Foclóir
Buille scoir = coup de grace
tásc ná tuairisc = hide nor hair
aibhléis = electricity
cumasach = able
fonn = desire
cumasach = able
bréagmheangadh = insincere smile
sa todhchaí = in the future
iarratas = request
roimh ré in advance
Ní raibh tásc ná tuairisc ar 'Duck' sa sráidbhaile le seachtain nó mar sin. Um an dtaca sin bhí leasainm nua aige 'Hop-along'. Ní raibh fhios ag muintir an tsráidbhaile go raibh 'Duck' mar leasainm air thall i gCorcaigh. Thuig siad, áfach, go raibh fonn air bheith mar laoch scannáin agus ba 'Hop-along' Cassidy an laoch a roghnaigh siad.
Nuair a tháinig sé isteach sa deireadh thiar bhí ceann faoi air agus a shúile i bhfolach taobh thiar dá spéaclaí dubha. Ní raibh cosúlacht an fhir chéanna a tháinig isteach cúpla seachtain roimhe air.
Ba léir nach raibh mórán bia aige. Bhí fhios ag Ó'Dálaigh gur thug sé cuairt ar Dún Caoin agus cheannaigh roinnt bia agus deoc ann. Áfach, ní raibh modh cóchaireachta ar bith aige. Ar oileánín mar Inis Tuaisceart ní raibh aibhléis, ná gás, ná fiú uisce reatha. Tine oscailte an modh cóchaireachta, agus uisce ón dtobar. Ní mór duit bheith cumasach úsáid a bhaint as an modh cóchaireachta sin. Cumas nach raibh ag Duck.
'Dia dhuit, a Gharda, conas tá tú ar an maidin bhreá seo', bréagmheangadh fós air?'
'Go maith, a Óstóir. Greim bricfeásta, led' thoil.'
'Óchón! 'Sé mo léan a Gharda, tá mo bheanchéile ró-gnóthach ar maidin agus beidh sí sa todhchai. Ní mór duit eagar eile a dhéanamh dod' bhricfeásta agus dod' lón. Is siopa sinn, ní bialann. Chun bia a thairiscint bheadh ceadúnas bialanna de dhíth, agus tá fhios againn a dhian is atá tusa ar ceadúnais. Níl fonn ar bith orm rud mídleathach a dhéanamh. Mar is eol duit is duine géilliúil don dlí mé.
Ach anois, má tá leann, uisce beatha nó earraí grosaeireachta uait ní mór duit iarratas a chur isteach agus tiocfaidh sé ar an mbád farantóireachta - airgead roimh ré.'
An Buille Scoir 2
Foclóir
an lámh uachtar = upper hand
eisimirce = emigration
creid é nó...creid é = believe it or believe it not
eisimirce = emigration
ollmhór = huge
focal cineálta = a kind word
tá do thomhas againn = we have your measure
dlúth chumann = close-knit community
brathaimid = we depend
comhairleoinn = I'd advise
acmhainn = resource/resilience/'backbone'/capacity
Dhein Duck iarracht ar an lámh uachtar a fháil agus rinne sé bagairt amaideach faoi athnuachan ceadúnais Uí Dhálaigh.
'A Gharda, tá botún mór déanta agat leis an mbagairt sin. Bhí sé ar intinn agam cuidiú leat, ach anois tá tú id' aonar.
Nuair a tháinig tú go dtí Inis Tuaisceart ní raibh fhios againn cad a bhí uait, nó tuige ar sheol na hÚdaráis anseo thú, áit nach raibh Garda ann leis na cianta.
Tá guthán i nDún Caoin. Ambaiste, creid é nó ná chreid é, tá buntáiste amháin ag baint le eisimirce, sé sin go bhfuil daoine as an oileánín seo scaipithe timpeall an Domhain. Agus an gcreidfeá é seo: tá duine díobh sa Stáisiún as ar dhíbir thusa. Mac Cárthaigh Mór a ainm. Is Sáirsint é anois. Tá fhios agam go bhfuil aithne agat air. Fear ollmhór é. Ní fhéadfá dearmad a dhéanamh air.
Bhuel, chuir mé glaoch air mar sheanchara, tá's agat.
Bhí scéal an-shuimiúil aige fútsa.
Fuaireamar amach, a bhuachaill, gur píonós é do dhíbirt anseo; gur buailteoir ban agus páiste thú; gur maistín den scoth thú; agus go bhfuil fuath dearg ag do Cheannfort duit. I bhfírinne níl focal cineálta ag éinne duit.
Nuair a tháinig tú anseo chonaic muid an drochiompar maistíneach céanna. D'éiligh tú bia saor in aisce. Níor thairg tú fiú focal buíochais. Scanraigh tú daoine le dianscrúdú a gceadúnais agus a bpáipéireachais.
Tá do thomhas againn anois agus nílimid scanraithe. Ba chóir duitse bheith scanraithe. D'fhéadfaimidne do phinsean a chur i mbaol - cuimhnigh ar sin.
Níl tú id' bhall den chumann seo 'gainne, anois agus ní bheidh tú choíche. Níl fáilte romhat sa sráidbhaile ná sa teach tábhairne seo.
Is dlúthchumann na daoine ar an oileán seo agus brathaimid ar a chéile. Thug tusa fogha fúinn, agus comhoibrigh an cumann uilig id' choinne.
So, roimh bagairt ar bith a thabhairt cuimhnigh ar cad a thárla duit agus dod' rothar seachtain ó shin, agus cuimhnigh ar do phinsean.
Chomhairleoinn duit dul ar ais go dtí an teachín-cum-stáisiún seo 'gatsa; coimeád do shúile is do bhéal dúnta; cuir d' iarratais earraí díreach don siopa i nDún Caoin.
Ná bac le gnó muintir an oileáin seo 'gainne agus ní bhacfaidh siad san leatsa.
Slán leat, anois, a Gharda, sin deireadh ár ngnó.'
Dhún Ó'Dálaigh an doras ina aghaidh.
An Buille Scoir.
Ar ais sa teachín-cum-stáisiún d'oscail Duck buidéal d'uisce beatha agus thosnaigh ag ól. Ní raibh acmhainn aige déileáil lena shárú i slí ar bith eile.
Comments