top of page

Kick Ass Cop Leabhar 2

  • Padraig de Baroid
  • Nov 12
  • 4 min read

Caib. 2


Dúmhál 2

dúmhál 2

Foclóir

tuairisceoir = reporter

baineadh an mheisce dhe = he sobered up

Athair céile = father-in-law

lá an ghatair = emergency

fáilte is fiche = fáilte Uí Cheallaigh = big welcome

molaim = I suggest

nach mbeidh deis aige = he'll not have the opportunity

naimhdeas = hostility/enmity

gréasáil = batter


Lá dár gcionn, bhí an t-athair céile lasmuigh den scoil nuair a bhí na páistí ag teacht amach. Lena thaobh bhí tuairisceoir le ceamara. Chonaic sé Ó'Murchú ina charr ag faire ar an ngeata.

 

ree

Díreach nuair a thosnaigh na páistí ag teacht amach tháinig carr eile, scuad carr. Pháirceáil sé taobh thiar de Ó'Murchú. Tháinig an Sáirseant mór ón Stáisiún amach as agus shiúl sé go dtí an carr eile. Chnag sé ar an bhfuinneog agus d'ordaigh sé Ó'Murchú amach as an gcarr. Ba léir go raibh 'Duck' ar meisce agus thosnaigh sé ag argóint. Thaispeáin an Sáirseant an scuad carr. Dhiúltaigh 'Duck'. D'oscail an fear mór an doras; rug sé  greim daingean ar 'Duck' agus mháirseáil sé é siar go dtí an scuad carr.

 

Nuair a shrois 'Duck' an scuad carr bhí an Ceannfort istigh. Baineadh an mheisce dhe go fíorthapa.

Níor chuala an t-athair céile cad dúirt an Ceannfort, ach bhí pictiúr nó dhó breá úsáideacha aige.


B'fhuath leis Ó'Murchu agus an brúidiúlacht a rinne sé ar a iníon agus ar a gharpháistí.

 

'Sa deireadh thiar beidh seans agam iad a scaoileadh saor go deo ón mbeithíoch brúidiúil, meatach úd,' ar sé leis féin.

 

Anois bhí sé in am dó an dara chéim dá phlean a chur i bhfeidhm.

 

Bhuail sé an bóthar timpeall go dtí an Stáisiún. Bhí seanaithne aige ar an Sáirseant ar an ndeasc.

 

'Ba mhaith liom focal leis an gCeannfort, a Eoin. Tá sé tábhachtach.'

 

'Tá sé istigh. Níl aoibh mhaith air. Geobhaidh mé amach an bhfeicfidh sé thú?'

 

'Go raibh maith agat. Abair leis go bhfuil sé tábhachtach caint liom faoin ar thárla ar maidin.'

 

Ní fáilte is fiche a bhí roimhe nuair a bhuail sé isteach in oifig ghalánta an Cheannfoirt. Ach bheartigh sé bheith sár-réasúnta leis an bhfear cumhachtach. Ní bheadh naimhdeas an fhir céanna tairbheach dó.

 

'Go raibh maith agat mé a fheiceáil, a Cheannfoirt, tá fhios agam gur fear fíorghnóthach thú. Ní bheidh mé ró fhada.

  

Dúmhál 2(b)


Foclóir

baolach = dangerous

Dúmhál 2(b)

gréasáil = batter

tairbheach =  benefit

diallait = saddle

ag fiuchadh = boiling

cuiditheach = helpful

géarchéim = crisis

mí-cheanúil = unkind

comhairle do leasa = advice for your own good

mioscaiseach = spiteful

socraithe = arrangements/decisions

 

Chonaic tú cad a thárla ar maidin ag an ngeata scoile, a Cheannfoirt. Tá súil agam go n-aontaímid go bhfuil an fear sin fíorbhaolach do mo iníon agus do mo gharpháistí.  Dá bhrí sin molaim é a aistriú go h-áit i bhfad uathu, áit iarghúlta. Tá sé tabhachtach nach mbeadh deis aige gréasáil a thabhairt dá bheanchéile is dá pháisti.

 

Bheadh sé tairbheach do na póilíni comh maith?... bhuel...an scannal, 'dtuigeann tu. Chonaic a lán daoine cad a thárla!'

 

Chuir sé an ceamera a bhí ina lámh aige ar an ndeasc.

 

Seanrotha
Seanrotha

'Bhainfeadh an bithiúnach lofa tairbhe as a thóin ramhar a bheith ar diallait míchompordach rothair seachas ar suıochán bog i gcarr.'

 

Bhí an Ceannfort ag fiuchadh - an fear sotalach seo ag teacht isteach ina Oifig ag iarraidh brú a chur air; ag insint dó conas a jhab a dhéanamh.

Ag an am céanna ní raibh grá aige do Ó'Murchú -  amadán a tharraing an cac seo ar a dheasc.

Ar an lámh eile, ní fhéadfadh sé géilleadh ró-éasca.

 

'Níl sé de cheart agatsa, nach bhfuil id' phóilín, lámh a chur in oibríochtaí póilíneacha!'

 

Thuig an t-iarphóilín an cluiche, bhí seantaithí aige air agus conas é a imirt - plámás agus bata.

 

'Ní dhéanfainn a leithéid, a Cheannfoirt. Tá sé i bhfad ró-thabhachtach do mo leithéidse. Tá mé ag iarraidh a bheith cuiditheach sa ghéirchéim mí-ádhmharach seo.

 

Nuair a bhí mé lasmuigh den scoil inniu thárla go raibh ceamera liom - an camera seo. Tá pictiúr nó dhó suimiúil.... Bhí tuairisceoir ann freisin agus ceamara aige siúd. Gan amhras tá pictiúirí aige siúd. Dá mba rud é gur shrois na pictiúirí céanna lámha mí-cheanúla.... Bhuel cá bhfios an dochar don Fhórsa, agus fiú duit fhéin, a Cheannfoirt.'

 

Thuig an Ceannfort. Bhí sé  taithíoch le umhlaíocht, ni ar neamhchumhacht, agus níor thaitin sé leis ar cor ar bith

 

Dúmhál, Focal gránna!
Dúmhál, Focal gránna!

'Is dúmhál é!'

 

'No! No! Focal gránna, mioscaiseach é sin. Amharc air mar chomhairle cáirdiúil do leasa é.

Um deireadh seachtaine tá súil agam go mbeidh áit iarghulta, oiriúnach don chladhaire faighte agat agus ní bheidh gá ar bith liom teacht ar ais, nó rud ar bith eile a dhéanamh chun óigmhná agus páistí soineanta agus an Pobail a chosaint ó do Oifigeach, fear nár chóir dó bheith faoi scread asail de phóilíní macánta.

 

Anois, is deas go rabhamar ábalta é seo a réitiú comh sciobadh sin.'

 

Bhailgh sé a cheamera.

 

'Slán anois, a Cheannfoirt Uasail. Ligfidh mé leat dul ar ais go dtí do chuid oibre, agus na socraithe tábhachtacha atá romhat.

 

D'fhág sé an Ceannfort sáraithe, ag fiuchadh. ÍocfaIdh an cladhaire amaideach a bhí ina chúis mhasla dó.

 
 
 

Recent Posts

See All
Leadrán/fadálacht; Boredom/tedium

Boredom and tedium are common experiences for us all. Sometimes the foclóir is lacking to express this. Here are a few ways of expressing boredom: Fad-/ leadrán Tosnaímis le 'fad-' = length Fad/fa

 
 
 
An Dá Phápa, Léirmheasín

Scannán 'The Two Popes.'   léirmheas = critique léanta = learnêd toghe na Coimeádaithe = head of the Conservatives Liobarálaithe = Liberals aerach = gay comhghnéas = same sex go hiomlán in aghaidh a

 
 
 
Focal úsáideach i gcomhrá : cumas

Focal fíorthábhachtach é: 'cumas', agus na focail a fhásann uaidh ms:'míchumas'. Focal úsáideach i gcomhrá I chose this word because it is so important in helping us to deal with not just ability but

 
 
 
bottom of page