top of page

Kick-ass Cop, Leabhar 2 , Dioltas

  • Padraig de Baroid
  • Nov 14
  • 2 min read

Caib 3

 

Duck faoin dtuath (1)

 

imeall a cheantair = edge of his area

bád farantóireachta = ferry

drochaoibh = bad humour

Duck faoin dtuath (1)

marbhfháisc air = bad cess to him

curtha = buried

amhail is = as if

faillithe = neglected

tocht smálaithe = stained mattress

damháin alla = spiders

meirgeach = rusty

teallach = fireplace

scathlán = lean-to shed

 

Bhain an Ceannaire mórshult as Ó' Murchú a sheoladh go dtí stáisiún tréigthe ar imeall a cheantair, ar oileáinín de na mBlascaodai. B'fhada ó bhí póilín buan ar an oileán céanna mar ba bheag a thárla riamh ann.

 

Nuair a shrois 'Duck' a áit chónaithe ar an oileán tar éis trasnaithe ar muir gharbh ar sheanbhád farantóireachta bhí sé ag stealladh báistí, agus bhí sé féin fliuch go craiceann.  



'Duck' báit 
'Duck' báit 

Drochaoibh air, tharraing sé a chás an leathmhíle go dtí an teachín a bheadh ina áit chónaithe-cum-Stáisiún go dtí -cá bhfios? Rinne an Ceannaire soiléir dó nach mbeadh aon fuadar faoin a aistriú as. Thuig sé go raibh lámh a athar céile ina dhibirt. Marbhfháisc air

 

Fírinne a rá, bhí 'Duck' curtha amhail is dá mbeadh sé marbh, dearmadtha go lá a phinsin.

 

Fliuch báite go craiceann chuaigh sé isteach sa teachín-cum-Stáisiún suarach. Bhí cuma thréigthe, faillithe air; clúdach tiubh deannaigh ar gach dromchla; troscáin briste scaipithe timpeall.

ree

 

Go dubhach dobhrónach tromchosach chuaigh sé suas an staighre go dí a sheomra leaba faoin díon. Bhí seanleaba iarainn le tocht salach smálaithe sáite faoi na slinnte; bhí gréasáin na damháin alla i ngach áit; bhí doras an seanbhardrús salach ag crocadh ar oscailt go meisciúil.


Lochán
Lochán

 Ina sheasamh i lochán bhí 'Duck" beagnach ag caoineadh:

'Cad a dhéanfaidh mé? B'fhearr liom beith marbh ná sáite san áit Dia-thréigthe, fuar, fliuch seo.'

 

Dhumpáil sé a chás ar an dtocht salach. D'éirigh an deannach ina néalta. D'oscail sé an cás chun athraithe éadach a dhéanamh.

 

Chuaigh sé go dtí an doirteal; chas sé an sconna; súlach donn, meirgeach, salach ag plobarnach amach.

Tar éis tamaillín rith sruthán uisce beagánín níos glaine. Chonaic sé seanchiotal meirgeach ina luí ar an dteallach oscailte. Ní fhéadfadh sé fiú cupán tae a dhéanamh. Ba léir go raibh an Stáisiún seo buandúnta le fada an lá, agus bhí seisean anseo mar phíonós. Marbhfháisc ar an mbeastard Ceannaire úd.

 

D'aimsigh sé seanchathaoir agus shuigh sé go dubhach i lár an tsalachair. Bhris geonaíl a bhoilg isteach air. Ní raibh faic le n-ithe aige i rith an lae.

 

Ní raibh faic na fríde sa teachín. B'fhéidir go mbeadh bia ar fáil sa teach tábhairne sa sráidbhaile. Bhainfeadh sé triall as, ach ar aon chuma bheadh deoch ar fáil - bhí dúil mór ag 'Duck' san ól.

 

Bhí scathlán agus seanrothar faoi lasmuigh den chúldoras, cuma pollta ar na boinn.

Leisceoir ab ea 'Duck'. Chuir sé deisiú an tseanrothair ar an méar fhada. Shiúlfadh sé go dtí an teach tábhairne.

 
 
 

Recent Posts

See All
Leadrán/fadálacht; Boredom/tedium

Boredom and tedium are common experiences for us all. Sometimes the foclóir is lacking to express this. Here are a few ways of expressing boredom: Fad-/ leadrán Tosnaímis le 'fad-' = length Fad/fa

 
 
 
An Dá Phápa, Léirmheasín

Scannán 'The Two Popes.'   léirmheas = critique léanta = learnêd toghe na Coimeádaithe = head of the Conservatives Liobarálaithe = Liberals aerach = gay comhghnéas = same sex go hiomlán in aghaidh a

 
 
 
Focal úsáideach i gcomhrá : cumas

Focal fíorthábhachtach é: 'cumas', agus na focail a fhásann uaidh ms:'míchumas'. Focal úsáideach i gcomhrá I chose this word because it is so important in helping us to deal with not just ability but

 
 
 

Comments


bottom of page