Kick-ass Cop, Leabhar 2, Díoltas
- Padraig de Baroid
- Nov 10
- 3 min read
Díoltas 1, Dúmhál 1
Foclóir
Díoltas = revenge
Dúmhál = blackmail
tionlacan = accompaniment
Póit = hangover
striapach = whore
Gealtán = crazy person
eascainí = cursing and swearing
aclaíocht míthaithíoch = unaccustomed exercise
gan dídean = homeless
aiféala = regret
meandar = momentary
ní thar am é = it's about time
Bagairt = threat
Cúis theaghlaigh = domestic issue
Mhúscail 'Duck' go déanach sa tráthnóna ar an lá gur rith sé as an Stáisiúin le 'Quack! Quack!' á thionlachan; ar an lá céanna ar a thug sé droch-íde dá bheanchéile.
Bhí póit mór air; a cheann ag preabadh; a bhéal bréan. Ní raibh aoibh mhaith air.
Bhéic sé síos an staighre. Ní raibh freagra ar bith. Bhéic sé arís:
'Cá bhfuil tú, a striapach gan mhaith?'
Tost. Ní raibh ach tost agus macalla sa teach.
Rith sé suas an staighre agus isteach i ngach seomra. Chonaic sé na tarrachóirí ar oscailt agus folamh; éadaí na páistí imithe.
Thuig sé go rabhadar imithe. I racht feirge rith sé mar ghealtán ó sheomra go seomra ag ciceáil gach rud ina bhealach; ag eascainí go huafásach; agus ag bagairt báis agus níos measa ar a bheanchéile fealltach.
Sa deireadh thiar stad sé. Bhí sé ag ánálú go trom tar éis aiclaíochta mí-thaithíoch.
'A bhitse, íocfaidh tú as seo! Íocfaidh tú as seo!
'Ach, cá bhfuil sí? Níl airgead aici - rinne mé cinnte dhe sin?
A hathair! 'Sea, is ann atá sí. Tá sí gan dídean so rachaidh sí chun a hathar. Tabharfaidh an cladhaire úd fothain di - bhí fuath aige domsa ón tús. Ní raibh mé maith go leor dá 'iníon dhil'.'
D'árdaigh sé an glacadóir. D'fhreagair a athair céile.
'Cuir d'iníon, an bitse de striapach, ar an líne nó beidh aiféala oraibh; tá fhios agam go bhfuil sí sa teach seo 'gatsa.'
Tost meandair.
'I dtosach báire mar eolas duitse, ní bitse ná striapach mo iníon cráite, drochídithe. Is máthair mhaith í do do pháisti. Girseach is máthair í atá faoi bhrú brúidiúlach ag meatachán meisciúil. Tá fhios agam cad tá ar siúl insan teach ainniseach seo 'gatsa. Má tá sí imithe leis na páisti ní thar am é.
Éist anois liom, a bhithiúnaigh gan mhaith, má leagann tú lámh ar mo iníon, nó ar mo gharpháistí beidh aiféala ortsa go lá do bháis. Ní bagairt díomhaoin é sin, ach an fhírinne lom. Tabhair aird air!'
Direach ina dhiaidh sin chuir an t-athair chéile glaoch ar an Ceannfort. D'inis sé an scéal uilig dó. Ní raibh an Ceannfort ró-bháúil.
'Is cúis theaghlaigh é. Níl na Póilíní toilteanach bheith ceangailte i cúrsaí príobháideacha teaghlaigh. Is iarphóilín tusa. Nach dtuigeann tú é sin?'
Bhí fhios aige gurb é sin an freagra a gheobhadh sé, agus bhí sé ullamh:
'Tuigim é sin, a Cheannfort, ach is í mo iníon agus a páistí atá i mbaol ó meatachán i sheirbhís an Fhórsa seo 'gatsa. So chomhairleoinn go n-éisteofá liom.
Seo é an scéal. Níl fhios agam cá bhfuil m'iníonn agus mo gharpháistí, ach is bleachtaire an bithiúnach seo. Beidh sé ábalta a fháil amach go héasca cá bhfuil siad i bhfolach uaidh. Mar shampla, beidh sé ag faire ar an scoil.
Anois muna gcuireann tú plean i bhfeidhm chun iad a chosaint geallaimse dhuit beidh tuairisceoir ón nuachtán ag feitheamh ag an ngeata scoile, agus beidh an scéal ainniseach i mbéal an Phobail roimh deireadh an lae; scéal go raibh fhios agatsa, a Cheannfoirt, faoi na bagairtí a rinne do Oifigeach i gcoinne mná óg agus a páisti, agus dhein tú faic na fríde chun iad a chosaint.
Drochbholscaireacht, a Cheannfoirt, drochbholscaireacht, agus ní dóigh liom go mbeidh údaráis an Fhórsa ró-gliondrach faoi sin. Is poiliteoirí iadsan -mar thú féin - agus tuigeann tú conas a thaithníonn drochbholscaireacht leo siúd.
Chuir sé an glacadóir síos.
Comments