Kick-ass Cop, Leabhar 2, Díoltas
- Padraig de Baroid
- Nov 18
- 4 min read
Caib.4
Na Tuatacha (1)
ádh/ mí-ádh = luck / bad luck
leann dubh = porter
céasta = crucified
píobán = gullet
shlog siar = knock back
daonra beag = small population
ag cuimilt a bhosa = rubbing his hands
an mór-thír = the mainland
áit scoite = out of the way place/off the beaten track
tuige = why
aineolach = ignorant
tomhas a haon déag = size 11
amhras = suspicion/suspicious
Gaoluinn = Gaeilge na Mumhain
daibhreas = poverty
tuatacha /culchies= peasants/culchies
D'áitigh sé ar féin = he convinced himself
Briseann an dúchas trí shúilbh an chait = nature will out
Bhí an t-ádh le 'Duck' mar nuair a shrois sé an sráidbhaile bhí an teach tábhairne ar oscailt. Bhí triúr nó ceathrar istigh ceanna féin, agus bhí tine breá sa tinteán.
'Bail ó Dhia ar an dteach seo', bheannaigh 'Duck'.
'Fáilte isteach, a Uasail', arsan t-Ostóir, 'Cad ba mhaith leat?'
'Pionta breá ded' leann dubh blasta, led' thoil. Bhfuil bia ar fáil, tá mé céasta leis an ocras?'

'Pionta blasta, a chara, ar fáil, ach, faraor, níl call ar bith le bia anseo. Is beag turasóirí a shroiseann Inis Tuaisceart. Tá an bialann is giorra dúinn thall i nDún Caoin.'
Um an dtaca seo bhí an chéad pionta imithe síos piobán Duck:
'Pionta eile, led' thoil, a Ostóir Uasail, tá tart millteach orm.'
'Cinnte, a Uasail.'
'Shlog sé siar leath den pionta
'Aimsir shalach.'
'Bog go leor, a Uasail.
'Tá sé an-ciúin. An bhfuil sé mar seo i gcónaí?'
'Bhuel is oileánín iarghúlta é seo, daonra beag. Tú féin? Cad a tharraing thú anseo go dtí an áit scoite seo?'
'Ag amharc timpeall. Tháinig mé isteach ar an mbád farantóireachta uair nó dhó ó shin. Trasnú garbh a déarfainn leat.'
Sheachain Duck ar níos mó eolas a thabhairt. Ba phóilín é le meon póilíneach. Dar leis an seanfhocal:
Briseann an dúchas trí shúilibh an chait
'Is maith liom tine breá i dteallach oscailte', arsa Duck ag athrú an t-ábhair - i ngan fhios dó ag cur le amhras an ostóra.
Na Tuatánacha (2)
Dhruid 'Duck' ar an dtinteán agus é ag cuimilt a bhosa le chéile. Bhí seisear ina suí ag bord beag um an dtaca seo:
'Dia dhíbh, Is mise Ó'Murchú. Tá mé ar cuairt. An bhfuil gach duine dhíbh aitiúil?'
'Cinnte! Rugadh agus tógadh mise anseo, agus ní inniu ná inné é sin. Faraor, tá na Blascaodaí á thréigint ag na daoine óga.'
'An dtagann mórán cuairteoirí ón mór-thír?.
'Ambaiste, tuige an dtiocfadh siad. Níl rud ar bith ar fáil anseo dóibh.'
Rith sé le Duck go mbeadh eolais úsáideach ar fáil le cúpla pionta dóibh. Cheap sé b'fhéidir gur ionad oiriúnach do smuigléireacht é an t-oileán. Ba bhleachtaire cumasach é féin agus sa deireadh, ní raibh iontu siúd ach 'culchies' aineolacha.
'Ar mhaith libh deoch, a bhuachailli?'
'Is flaithiúil atá tú, a Uasail.'
'Deochanna do na buachaillí, a Ostóir, led' thoil.'
Um an dtaca seo bhí an t-óstóir ag éirí fíoramhrasach.
'Ambaiste, nách fiosrach, ceisteach atá tú, a chara. Agus ní maith liom ar cor ar bith na bróga móra dubha, snasta úd, tomhas a haon déag. Is le póilín srónach iad siúd. Ní mór dúinn súil a choinneál ortsa', ar sé leis féin.'
Nuair a thug sé na deochanna trasna labhair sé leis na 'buachaillí i nGaoluinn fíorthapa áitiúil a thuig siad ach níor thuig Duck. Bhí Gaeilge líofa go leor ag Duck ach ní raibh sé ina chainteoir ó dhúchas agus ní raibh taithí aige fós ar an gcanúint áitiúil.
D'ól na buachaillí na deochanna a cheannaigh Duck. Bhíodar an-cáirdiúil ach ba bheag an t-eolas faoin oileán a thug siad. Ag deireadh na hoíche bhí bolg Duck lán de leann dubh; bhí sé ar meisce; agus bhí na h-oileánaigh cinnte go raibh póilín srónach ina measc.
Ar an mbealach ar ais go dtí an teachín smaoinigh sé ar gach a d'fhoghlaim sé. Bhí beagánín feirmeoireachta ar an oileán agus beagánín iascaireachta. Ba léir é sin gan airgead a chaitheamh ar deochanna dóibh. Nuair a cheistigh sé iad faoi smuigléireacht thit siad insna trithí.
'A chara cóir, is daibhreas atá ar an oileánín seo, níl saibhreas ar bith anseo chun smuigléireachta a thacú. Féach timpeall ort.'
Níor mhaolaigh ar amhrais Duck. D'áitigh sé ar féin go raibh rud faoi cheilt ag na 'culchies'. Bhí, ach ní raibh seisean ar tí é a fháil amach aon am go luath.
Bhí Duck beagánín díomách mar shamhlaigh sé é féin mar Cop Meiriceánach mar Clint Eastwood, a scrios dronganna smuigléireachta ina aonar, ainneoin na h-amadáin ós a chionn.
Thaispeánfadh sé don beastard úd de Cheannaire go bhfuil sé ina bhleachtaire ard-chumasach atá caite mar bhruscar ar an oileán Dia-thréigthe seo lán de thuatánacha aineolacha.
Níor thuig Duck bocht gur eisean an t-amadán sáraithe ag na 'tuatánacha' céanna.
Leathslí abhaile d'oscail na flaithis agus don dara uair sa ló bhí sé fliuch báite go craiceann um shroisint an Teachín dó. Drochaoibh air, in ísle brí, ar meisce chaith sé é féin gléasta mar a bhí sé ar an leaba salach. Go luath bhí sé ag srannadh ós ard
Comments