top of page

Kinky, Iolar Mara thar Barr

  • Padraig de Baroid
  • Oct 3
  • 2 min read

'Kinky'

Ní an saghas sin de 'kinky'!

Iolar Mara

 

Foclóir

ag stracáil = trawling

meanmnaigh = raise spiritso

dubhach dobhrónach = in low spirits

podchraoladh = podcast

 

 

 

Ón Domhnach seo caite chaith mé am nach bhfuil ar mo chumas a fháil ar ais ag strácáil is ag tráiléireacht tríd na scéalta nuachta ar thóir scéal a mheanmnódh. Obair in aisce. Corn Ryder truaillithe ag iompar uafásach Meiriceánach; geáitsíocht poiliteoirí; &rl. Bhí mé dubhach dobhrónach nuair a bhuail mé an pota óir, 'Kinky', i bpodchraoladh. D'ardaigh sé mo chroí láithreach.

 

Foclóir

éaneolai = ornithologist

iolar mara = sea eagle

gearrcach = fledgling

 

Thárla go raibh éaneolaí ag obair ar Oileán Mulla, san Alban dhá bliain nó mar sin ó shin nuair a bhuail stoirm mhór. Thárla go raibh nead iolair mara, iolar le ruball bán é, le gearrcach amháin istigh, fós ag brath ar a thuismitheoirí go huile is go hiomlán.

 

Faraor, leagadh an crann sa stoirm; scriosadh an nead; agus gortaíodh an gearrcach go dona. Bhí sciathán briste ar. De ghnáth b' shin deireadh an ghearrcaigh. Ní mór d'iolar mara a bheith ábalta eitilt. Bhí na tuistí ag freastail air, ach bheadh siad i séasúr an ghoir go luath.

 

Foclóir

clúmh fásta = adult plumage

cnap = lump

Kinky

dealrachán = collarbone

deisithe = mended

séasúr an ghoir = breeding season

ar ceal = postpone

instinn = instinct

 

 

Áfach, i mbliana, bhí an t-éaneolaí ar a phost lena scóp ag faire nuair a thug sé faoi dheara rud ait. Iolar óg gan chlumh fásta air ard sa spéir. Ait, mar bhí cnap mór ar a sciathán - díreach mar dealrachán a bhí briste agus féindeisithe.

 

An cheist! Conas ar mhair sé tríd an Geimhheadh? Níl ach freagra amháin. Lean a thuistí ag freastail air agus chuir siad ar ceal an séasúr goir sin. Conas ar éirigh leo instinn cumhachtach an ghoir a shárú? Comh fada agus is eol dúinn ní thárlaíonn sé de ghnáth sa nádúr. Téann an ball lag faoi.

 

Foclóir

leasainm = nickname

suntasach = remarkable

in inmhe = mature

corrlach = odds

 

 

De bharr an cnap ar a sciathán thugadar an leasainm 'Kinky' air.

 

D'imigh 'Kinky' as radharc, ach tá an t-éaneolaí amuigh lena scóp lá i ndiaidh lae ar an Oileán, dócasach go bhfeicfidh sé an t-iolar mara suntasach, spesialta seo arís.

Bliain amháin eile beidh 'Kinky' in inmhe agus, cá bhfios, beidh Kinky óga ann.

 

Bhí an bua ag 'Kinky' i gcoinne na gcorrlach cheana féin. Thaispeáin na tuistí go bhfuil a lán rudaí sa Nádúr nach dtuigimid. Is cúis iontais é.  


Chuaigh mise im' luí le croí éatrom. Go raibh míle maith agat, Kinky.     

 

 

 

 

 
 
 

Recent Posts

See All
Coinneal Nollag

Caib. 2 An taibhse 1   Foclóir seacha s = except taithíoch = familiar borb = abrupt buanchrosta = always cross mí-fhoighneach = impatient ualach ciontachta = weight/load of guilt Seachas an t-árasá

 
 
 
Coinneall Nollag

Caib. 1 Foclóir ag teitheadh = fleeing amhail is = as if fothain = shelter amharc fuafar milteach = hateful, destructive look feallaire = betrayer nach leis í = she wasn't his   Bhí Morag ag te

 
 
 
Leadrán/fadálacht; Boredom/tedium

Boredom and tedium are common experiences for us all. Sometimes the foclóir is lacking to express this. Here are a few ways of expressing boredom: Fad-/ leadrán Tosnaímis le 'fad-' = length Fad/fa

 
 
 

Comments


bottom of page