Leanúnachas 10: Slán le 'Fáilte'.
Slán le mo bhád 'Fáilte"
smaointe Fánacha
1.
Bliain ón lá inniu d'fhág mé slán le mo bhád, 'Fáilte'. Ba lá duairc dom é. Bhí grá mór agam don bháidín céanna. Bád cabáin a bhí inti a cheannaigh mé deich mbliana ó shin nuair a bhog mé go Suffolk gar do na Broads chun bheith gar do mo mhac is a theaghlach. Anuraidh d'éirigh mé as an dtiomáint agus gan charr bhí sé ró-dheacair dom dul go dtí'n bád clós.
D'fhoghlaimíos an dán thíos ar scoil agus go minic amuigh i mo bháidín bheinn ag éisteacht leis nó á chanadh.
Mhothaigh mé gar do mo bháidín amuigh ar an abhainn.
Tá leagan ar Youtube ag Mary O'Hara. Is fearr liom an leagan céanna ná leagan ar bith eile.
Thit mé i ngrá le 'Fáilte' an chéad uair a leag mé mo shúile uirthi, naoi troigh déag, inneall 25EC. Cúpla uair sa tseachtain théinn ar cuairt chuichi agus théadh muid suas nó síos na habhann, ise ag crónán go binn agus mise ag faire ar éiníní na Broads.
Óró mo Bháidín
ó ró mo bháidín
ag snámh ar an gcuan
ó ró mo bháidín
faighimís na maidí
is téimis chun siúil
ó ró mo bháidín
ó ró mo churaichín ó
ó ró mo bháidín.
2.
Chonaic mé don chéad uair riamh domsa cruidín mar splanc ildaite ag tumadh. Dodhearmadtha. Chonaic mé crúidíní ó shin ach níl rud ar bit cosúil leis an gcéad uair.

Is dóigh liom gur rud aisteach é, ach bhí 'Fáilte' mar saghas cara nó leannáin liom; ghlaofainn 'a Thaisce' nó 'a Chroi' nó 'a Lao' uirthi is mé ag caint léí. Uair nó dhó nuair a bhí deachracht éigin léí bheinn ag caint léí mar othar, ag iarraidh misneach a thabhairt di.
Crochfaidh mé seolta
is rachaidh mé siar
ó ró mo bháidín
's go hoíche Fhéil' Eoin
ní thiocfaidh mé aniar
ó ró mo bháidín
ó ró mo churaichín ó
ó ró mo bháidín.
Tuigim go bhfuil dearc aisteach ar fear fásta ag labhairt le bád mar a labhródh sé le duine beo. Ach domsa ba rud beo í. Bhrathamar ar a chéile. Mise ag brath uirthi mé a thabhairt abhaile slán, agus ise ag brath orm gan rud amaideach a dhéanamh a chuirfeadh sinn araon i mbaol.
Ní mór don bádóir meas a bheith aige ar an uisce.
Ní dóigh liom go raibh mo bhean in éad. Anois is arís théadh sí liom agus i gcónaí bheadh bronntanas beag aici, 'rud éigin gleoite d'Fháilte', adeireadh sí.
Thuig sí an gaol a bhí eadrainn, agus is dóigh liom gur mhothaigh sí féin é.
Tuigim go huile is go hiomlán an fáth go bhfuil sé de nós ag bádóirí ainm baineannach a thabhairt dá mbáid. Brathann an bádóir ar a bhád é a thabhairt abhaile slán.
Ar aon chuma, seo lá brónach dom. Airím uaim 'Fáilte', agus tá súil agam go bhfuil an grá céanna ag a máistear nua is a bhí agamsa di.
Bím croíbhriste nuair a chím báid ar bhruach na habhann tréigthe, ag dul in éag; meirgthe; péint ag scamhadh; íseall san uisce; gan ghrá.
Á bhuel. Cá bhfios an scéal atá taobh thiar de ghach seanbhád atá ag sleamhnú go tóin poill.
B'fhéidir go gcuideoidh pionta Guinness mo mheanma a ardú ar an lá duairc seo. Ní féidir an clog a chasadh siar.
Foclóir
Bliain ón lá inniu = a year ago today
lá duairc dom= a sad day for me
anuraidh = last year
ag crónán = humming
cruidín = a kingfisher
splanc ildaite = a splash of colour
dodhearmadtha = unforgetable
rud aisteach = an odd thing
leannán = lover
bhrathamar ar a chéile = we depended on each other
in éad = jealous
gleoite = pretty
an gaol = the relationship
ainm baineannach = female name
airím uaim 'Fáilte' = I miss 'Fáilte'
go tóin poill = sinking to the bottom
mo mheanma = my spirits

Comments