Leanúnachas 7: Smaointe Fánacha
Leanúnachas 7
botún náireach sa teach
Smaointe Fánacha
Dhúisigh mé Dé hAoine le 'bíp'! Bíp! Bíp! ag baint macalla sa teach. Batairi mo aláram deataigh ag dul in éag.
Tá an aláram suite ar an sileáil, ar an léibheann, barr an staighre.
Chun batairí nua a chur isteach ní mór duit dul suas dréimire beag agus ansan chun an seanbhatairí a thógaint amach ní mór duit claonadh amach thar an staighre.
Bhuel is seanfhear mise, níos mó ná beagánín guagach - go háirithe ar dréimire. Ní smaoineamh maith é sin a dhéanamh.
Cad tá le déanamh?
Beidh mé as mo mheabhair leis an 'Bíp! Bíp! Bíp'.
Tá ógfhear cineálta béaldorais. B'fhéidir go gcuideoidh sé.
Tháinig sé agus chuir sé an batairí nua isteach; Ach, mo léan:'Bíp! Bíp! Bíp!
Thóg sé an aláram síos arís; chuir sé bataraí eile isteach: Scaoil sé an sruth iarmharaigh de réir comhairle ar an ngréasán. Obair in aisce. 'Bíp! Bíp! Bíp!
B'shin an méid ab fhéidir an ógfhear cineálta a dhéanamh.
Gabh mé buíochas leis agus chuir mé glaoch ar an Briogáid Dóiteáin.
Is daoine soghonta sinn araon, mé fhéin is mo bheanchéile.
Tháinig cailín deas chineálta. Chuir sí aonaid nua isteach.
'Bíp! Bíp!' Bíp'!
Sheas sí ag tochas a cinn.
'Fan neomat', ar sise, 'cad é sin ar bharr an chófra úd?'
'Sin an aonaid ocsaid charbóin', arsa mise
'Is é sin an ciontóir! Níl faic na fríde cearr le do aláram deataigh!'
A leithéid de náire! Ba mhian liom an talamh a oscailt agus mé shlogadh siar.
Bhí an cailín an-chineálta: 'Ná bac leis, is fearr a bheith cinnte - níor thug éinne eile faoi dheara é ach an oiread'.
Níor ísligh a focail mo náire.
Foclóir
botún náireach = embarrassing mistake
macalla = echo
aláram deataigh = smoke alarm
léibheann = landing
claonadh amach = lean out
ní smaoineamh maith é = not a good idea
guagach = wobbly
béaldorais = next door
scaoil sé = he discharged
sruth iarmharaigh = residual current
Briogáid Dóiteáin = Fire Brigade
soghonta = vulnerable
ag tochas a cinn = scratching her head
ciontóir = guilty thing
faic na fríde = nothing at all
ach an oiread = either

Comments