top of page

Leanúnachas 9: Comhluadar 2

5 hours ago
3 min read

Leanúnachas 9: Comhluadar 2

 

Smaointe fánacha

Leanúnachas 9; comhluadar 2(a)

 

2(a)


Dé Máirt arís agus tá mo chara, Peadar, agus mé féin inár suí in ár dTeach Tábhairne áitiúil, an 'Butchers Arms'.

Níl na baill eile den chomhluadar anseo fós. De ghnáth bímidne araon ag an beár timpeall ceathair a' chlog. Bionn na baill eile ann ceathrú nó mar sin ina dhiaidh sin.

 

Mar a dúirt mé cheanna is doctúir ar scor é Peadar.

 

Pionta an duine ar an mbord againn, pléimid cúrsaí clainne.


Thit mo bheanchéile, atá ina haois 87, síos dhá chéim den staighre cúpla mí ó shin. Cé gur tháinig sí slán in a colainn bhris an titim a cuid muiníne.

 

Tuigeann sí go raibh an t-ádh léí. Tuigeann sí freisin go bhféadfadh titim eile a bheith marfach di, nó, ar a laghad, chuirfeadh sé deireadh lena neamhspleáchas.

Tuigimse an sceimhle atá uirthi. Bheinn féin im' chúramaí leis na torthaí a bhaineann leis.

Éisteann Peadar liom; tugann sé comhairle agus tairiscint cúnta. Cé nach bhfuil Peadar ag tiomáint a thuille, díreach mar mé féin, tá carr ag a  bheanchéile fós. Thairg sé síob aon uair atá sé de dhíth againn. Ghabh mé buíochas mór leis.

 

Um an dtaca seo tá Pól agus Dáithí ag druidim. Tá mo 'tab' taobh thiar den beár agus tá fear a' leanna ag tarraingt a bpionta. B'shin deireadh cúrsaí clainne.

 

2(b)

'A Phóil, cad a thárla do na Canaries (Norwich City) deireadh seachtaine i gcoinne Pompey.'

 

A Bhuachaill, ná dein trácht air. Níl fhios agam ó thalamh an Domhain cad tá cearr. Táimid insna Doldroms' gan aon agó.

Le bhur dtoil, bí ag caint faoi rud éigean eile. Tá mo dhóthain fulaingthe agam'.

Comhluadar 2(b)

 

'Comh h-olc san?'

 

'Níos measa. Bhí mé sa seastán in éadóchas go huile is go hiomlán.'

 

Bhí Dáithí an-chiúin - ní gnáthach é sin dósan - is leanúnaí Portsmouth (Pompey) é Dáithí, agus bhí fhios againn go raibh scéal maith acu san i gcoinne na Canaries sa chluiche céanna. Ach thuig Déithí go raibh Pól in ísle bri de bharr na Canaries ag sleamhnú go sciopadh síos an chláir.

 

'Ná bí crúálach, a cháirde. Seachnaímis Peil inniu, le bhur dtoil. Féach tá Risteard ag teacht. Níl suim ar bith aige i bpeil. Bheadh sé drochmhúinte leanúint leis mar ábhar cainte.'

 

'A Risteáird, cad faoi Andy Burnham ag fógairt go mbeidh druilleál nua sa Mhuir Thuaidh? Ní mór dom a rá gur chuir sé ionadh orm.'

 

'Ní aontaím leis ar chor ar bith', arsa Risteard an t-ealaíontóir.'Ní mór duinn cloí leis an bplean bheith carbóin neodrach comh luath agus is féidir ar son an Plainéid. Ní féidir linn cead a gcinn a thabhairt do na comhlachtaí ola is gáis.'

 

Is gníomhaí timpeallachta é Risteárd, tá 'ios agat.

 

'Sin fíor, ach ní mór duinn bheith ciallmhar; ní mór duinn a ghlacadh go bhfuil eacnaimíocht na tíre ag brath ar an mbreosla sin.'

 

'Ar aon chuma tá Trump, sásta. ''Drill, Andy, Drill''.

 

'Sin fáth amháin a bheith i gcoinne an tionscail uilig. Ní fhéadfaimid déaláil leis an fear cam sin.

Cad é adúirt Carney faoi?

'Tá margadh ar bith le Trump scríofa le peann luaidhe, ní féidir muinín a bheith ag éinne sa fear sin.'

 

'Tá an ceart agat, a Risteáird, ach ina ainneoin sin ní féidir an costas maireachtála a chur ar leataobh.'

 

'Ró-trom, a bhuachaillí, ró-trom'. B'shin Peadar ag cur a ladar isteach chun deireadh a chur le ábhar conspóideach.


'Aon scéal eile ag dul timpeall an bhaile? Pionta eile! is ormsa an glaoch seo.'

 

'Maith an fear! Deirtear go bhféadfá an taoide ag tra dá gcuirfeá gloine folamh, mar an gloine seo, i gcoinne do chluais.'


'Go raibh míle maith agat, a Pheadair. Oifigeach is Uasal thú!'


Leanann an comhrá neamhchonspóideach agus an craic mar sin go

dtí a sé a' chlog. Dhá uair a' chloig caite i gcomhluadar taithneamhach.

 

Um a sé a' chlog is mithid dúinn imeacht abhaile. Tá dualgaisí tí ag triúr againn.

 

Foclóir

2(a)

cúrsaí clainne = family matters

slán ina colainn = safe in body

muinín = confidence

marfach = fatal

sceimhle = fear/terror

tairiscint cúnta = offer of help

síob = a lift

 

2(b)

um an dtaca seo = by this time

ag druidim = approaching

fear a' leanna = barman

ná dein trácht air = don't talk about it

gan aon agó = no dispute

fulaingthe agam = suffered enough

seastán = the stand

éadóchas = despair

in ísle brí = depressed

seachnaímis = let us avoid

drochmhúinte = ill-mannered

gníomhaí timpeallachta = environmental activist

cead a gcinn = a free hand

ciallmhar = sensible

eacnaimíocht = economy

breosla = fuel

peann luaidhe = pencil

ina ainneoin sin = in spite of that

costas maireachtála = cost of living

ró-trom = too heavy/ too serious

ormsa an glaoch = my shout

Oifigeach is Uasal = an Officer and a Gentleman.

comhluadar taithneamhach = pleasant company

dualgas tí = house duty

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

  ¥

 
 
 

Recent Posts

See All
Leanúnachas 8: Comhluadar 1

Smaointe Fánacha 1(a) Dé Máirt arís. Iontach! Beidh mé ag bualadh le mo chairde inniu sa Teach Tábhairne áitiúil seo 'gainne. Cúigear dinn, gach duine ar scor, sa chomhluadar. Ina measc Doctuir, Oifig

 
 
 
Leanúnachas 7: Smaointe Fánacha

Leanúnachas 7 botún náireach sa teach Smaointe Fánacha Dhúisigh mé Dé hAoine le 'bíp'! Bíp! Bíp! ag baint macalla sa teach. Batairi mo aláram deataigh ag dul in éag. Tá an aláram suite ar an sileáil,

 
 
 

Comments


bottom of page