Leanúnachas 8: Comhluadar 1
Smaointe Fánacha
1(a)
Dé Máirt arís. Iontach!
Beidh mé ag bualadh le mo chairde inniu sa Teach Tábhairne áitiúil seo 'gainne.
Cúigear dinn, gach duine ar scor, sa chomhluadar. Ina measc Doctuir, Oifigeach oideachais, Píolóta aerlíne, Ealaíontóir, agus mé féin, PríomhOide.
Ár n-aoiseanna? Idir na seachtóidí déanacha agus na meán ochtóidí.
Tá mé ag tnú le comhrá agus craic, mar is gnáth, i gcomhluadar suairc.
Bímid ag bualadh le chéile gach Máirt le timpeaall ceithre bliana 'nuas. Cúpla pionta an duine agus sinn uilig ullamh an saol uilig a chur ar a leas. Pribhléid an tseanduine -tuairimí gan tionchur, gan chumhacht.
Is daoine difriúla sinn le tuairimí éagsúla faoi gach rud. Na rudai a gceanglaíonn sinn uilig?
Gliondar in ár gcomhluadar, agus an craic. Is féidir linn ceisteanna conspóideacha a phlé gan bheith ró i ndáiríre, agus le meas againn ar tuairimí a chéile. Tagaimid le chéile mar chairde is scaraimid mar chairde.
Fear oilte, léanta an Doctúir. Ba cháirde sinn ó roimh Covid.
Bhí mo bheanchéile, a bheanchéile is a deirfiúr, a bhí ina baintreach le cúpla bliain, i mbanghrúpa. Nuair a chuir Covid stad le cruinnithe an bhanghrúpa, bhuaileamar cúigear le chéile i mo gháirdín faoi gazebo oscailte, mar ceadaithe. Bhíodh caifé, nó fíon is cáis, nó, anois is arís, dinnéar al fresco againn.
Bhí an t-ádh linn le linn tréimhse aonarachais an comhluadar spesialta sin a bheith againn- is mó seanduine a bhi aonarach, scartha ó na daoine ab ansa leo. Tá flúirse scéalta léanmhara ainniseacha ann faoi dhaoine mar iad, go minic iad seandaoine i dtithe banaltrais gan cheanúlacht a muinntir timpeall orthu in uair a mbás.
1(b)
Tar éis Covid d'athosnaigh an banghrúpa, agus thosnaigh Peadar, sin bréagainm chun a aitheantas a chosaint agus mé féin ag bualadh sa Teach Tábhairne áitiúil seo 'gainne, 'The Butchers Arms' gach Máirt nó Céadaoin. Bhí suim againn araon i mbádóireacht, bád cabáin an duine 'gainn; suim againn i rugbaí; agus is leanúnaí dílis Newcastle United eisin.
An tráth sin ní raibh suim agamsa i bpeil ach léigh mé an rannóg spóirt sa nuachtán Domhnaigh gach seachtain chun bheith ábalta peil a phlé ar an Máirt- de ghnáth mise ag déanamh comhbhróin mar dhea le Peadar mar ní raibh rath ar bith ag a fhoireann bocht. Ní raibh mé ach ag clipeadh. Ní dóigh liom go raibh sé féin comh dáiríre sin, ach an oiread.
Ar aon chuma, spreagadh mo chuid shuime sa pheil. Ábhar cainte riachtanach i dTeach Tábhairne sa tír seo - go háirithe le linn an Choirn Domhanda.
Críochnaithe le spórt bhí geáitsíocht Trump ina ábhar cainte seasmhach againn mar ní raibh fhios ag éinne cad a bhí i ndán - níl athrú ar sin fós.
Dar le Trump, goideadh an toghachán; ní raibh ach turasóirí neamhchiontacha insna daoine a thug fogha faoin Capitol; gheall sé pardún nuair a bhaineann sé an Teach Bán amach arís.
Cé nach raibh Peadar ina leanúnaí den Lucht Oibre ba bheag an maitheas a chonaic sé ins na Tóraithe.
Áfach, bhí Boris agus a gheáitsíocht linn. Ábhar grinn, scannal in dhiaidh scannail - páipéar balla £2000 an rolla; a iarracht ar Pairlimint a dhúnadh, agus dallamullóg a chur ar an mBanríon; cóisirí in Uimhir 10 nuair a bhí seandaoine ag fáil báis aonarach,- íomhá na Banríona ina suí ina h-aonar san Ardeaglais ar shocraid Phillip; Dominic Cummings ag dul ó thuaidh agus ag gabháil sos lena bhean is a bpáistí i mball álainn i Yorkshire fhaid is a bhí gnáthdaoine ag fulaingt; an masla a thug sé nuair a dúirt sé nach raibh sé ach ag cur teastas ar radharc a shúil. Agus níos measa ná sin, dúit sé go bhféadfadh éinne an rud a dhein seisean a dhéanamh dá mba rud é gur léigh siad an cló beag insna rialacha.
Ba léir do chách go raibh na railacha curtha i bhfeidhm do ghnáthdhaoine, ní do dhaoine mar Cummings agus Boris Johnson.
Bhí an Tír ag síobadh gan stiúrthóir.
Tugadh bata is bóthar do Boris.
Ba shin tosnú an grúpa seo 'gainne sa Teach Tábhairne áitiúil seo 'gainne.
Leanamar i gcomhluadar beirte le cúpla bliain.
Trí bliana nó mar sin ó shin bhorramar go ceathrar, agus ansan tháinig an t-ealaíontóir isteach. Sin an méid i láthair na huaire.
Beidh blog eile agam ar an gcomhluadar seo 'gainne
Foclóir
oilte = educated
comhluadar suairc= cuideachta = pleasant company
Oifigeach Oideachais = Education Officer
Píolóta aerline = airline Pilot
Ealaíontóir = artist
ceist conspóideach = contoversial question
ró-i ndáiríre = too serious
tuairim = opinion
banghrúpa = women's group
aonarachas = solitariness/ loneliness
deighlte is aonarach = separated and lonely
bréagainm = false name
aitheantas = identity
gan tionchur gan chumhacht = without influence or power
rannóg spóirt = sport's section
geáitsíocht = carry-on
ag síobadh = drifting
bhorramar = we expanded
seasmhach = fixed
Ball álainn = beauty spot
Lucht Oibre = Labour Party

Comments