top of page

Leanúnachas 11: Harry Kane

58 minutes ago
3 min read

An Balon d'Or

1.

Bhí áthas an Domhain ar muintir Shasana nuair a bhuaigh Harry Kane an Balon d'Or in aghaidh Mbappe agus Yamal. B'fhada an lá ó bhi an bua ag Sasanach. De réir scéala ba uasal umhal a mhéin nuair a d'fógraíodar na torthaí.

Harry Kane, an Balon d'Or
Harry Kane, an Balon d'Or

 

Ní mar an gcéanna meon muintir Yamal. Dar leo ba chóir an duais a bheith ag Yamal. Ba é an tríú uair é bheith measc na dtrí iarrthóir agus níl ach naoi mbliana déag slánaithe aige. Ní an óigfhear féin ach athair is a uncail a bhí cantalach agus drochbhéasach.

 

Ach cén ceacht nó teachtaireacht atá na daoine fásta timpeall air ag tabhairt dó. Go bhfuil sé OK bheith droch mhúinte, droch bhéasach, drochiompartha nuair nach dtéann rudaí id' threo?

 

Bíonn sé neamhghnáthach a bheith comh cantalach nuair nach mbíonn an bua agat. De ghnáth, ainneoin an díomá, tugtar comhgháirdeas don bhuaiteoir.

 

Chuir sé i gcuimhne dom a dhein Trump nuair nár bhronnadh an Duais Nobel air.

 

Mhaslaigh sé an buaiteoir mar dhuine nar chuala éinne fuithi riamh agus dá bhrí sin nach raibh an Duais tuillte aici.

Mhaslaigh sé an Ioruaidh mar chuir sé an milleán ar an dtír chéanna mar, dar leis, goideadh an Duais uaidh. Dúirt sé gur 'shithole country' (sic) í.

Leanúnachas 11 Hary Kane

 

2

'Sé an mantra atá ag gach caillteoir anois - níor chaill mé, goideadh uaim é. Faraor, creideann lucht leanúna an chaillteora é.

 

Ba uasal Harry Kane in a oráid. Ghabh sé buíochas lena daoine a chuidigh leis le linn a shaol peile, na daoine a chothaigh a thalann; na daoine insna foirne a chomhoibrigh leis agus a thug deiseanna dó mar 'striker'; tábhacht bheith id' bhall d'fhoireann seachas a  bheith id' imreoir aonair ar do shon féin.

 

Is Corcaíoch bródúil mise ach is Sasanaigh mo pháistí is mo gharpháistí.  Is ón Ghaillimh athair Harry Kane ach is Londaineach Harry féin. Tuigim bród a athar agus a mhuintir sa dá thír.  

 

Thosnaigh sé le 'Spurs', club Londainneach; bhog sé ar iasacht do Orient, club Londaineach eile, ansan Millwall, Leicester City, Norwich City. Ba mhall é a dhul chun cinn. Ainneoin díomá níor ghéill sé. Bhuail sé barr a shlí bheatha peile le Sasana agus le Bayern Munich, áit a bhfuil sé gliondrach faoi láthair.

 

Tá bród orm faoin uaisleacht a thaispeáin sé agus é ag glacadh an duais, duais adeir gurab é, Harry Kane, an peileadóir is fearr ar an Domhan.

 

Tá bród orm gur níos mó ná leathÉireannach é, agus gabhaim buíochas gur creidiúint é dá spórt; agus a thaispeáint go bhfuil níos mó i spórt ná 'an bua'.


Cuireann sé i gcuimhne an scéal faoi Jesse Owens, an luthchleasaí gorm a bhuaigh ceithre bhonn óir insna cluichí Oilimpeacha Munich 1936.

 

Seachain Hitler an searmanas bronnta mar bheadh air lámh a chroitheadh le fear gorm - fear gorm a thug an t-eiteachas don teoiric faoin Aryan Master Race.

 

Cuir é sin i gcodarsnacht le Ludwig 'Luz' Long, Gearmánach a chaill do Jesse Owens sa léim fhada, ach a thairg a chairdeas dó ós comhair an phobail - an Fuhrer san áireamh.

 

Léirigh sé Uaisleacht 'Luz' Long agus Ísleacht an Fuhrer, Hitler. Ba ghníomh misniúil é a bhféadfadh drochthorthaí pearsanta a bheith ann dó.

 

Mothaíonn sé an lá atá inniu ann go bhfuil ísleacht agus airgead i réim i ngach spórt, agus uaisleacht agus maitheas an duine dearmadtha.

Ar an dea-uair tá luthchleasaithe ann fós go bhfuil spioraid an spóirt nios tábhachtaí ná an bua ná an t-airgead, agus aithníonn an pobal a n-uaisleacht

Leanúnachas 11 Uasal is Iseal

Go n-éirí leo.

 

Beidh scéalta an cháirdis idir daoine atá uaireanta i gcomórtas lena a chéile agam sa chéad bhlog eile.

 

Foclóir

de réir scéala = according to the news

uasal umhal = noble humble

fógraigh=announce

neamhghnáthach = unusual

cantalach = peevish/ ungracious

ainneoin díomá = despite disappointment

comhghairdeas = congratulations

mhaslaigh = insult

Ioruaidh = Norway

deiseanna = opportunities

bródúil = proud

Londainneach = Londoner

ar iasacht = on loan

dul chun cinn = progress

is creidiúint é = he is a credit

luthchleasaí gorm = black athlete

seachain Hitler = Hitler avoided

a thug an t-eiteachas do..= gave the lie to

codarsnacht = contrast

ísleacht = baseness

maitheas an duine = the goodness of people

ar an dea-uair = fortunately

spioraid an spóirt = spirit of sport

 

 

 

 

 

 

 

 an 'Balon d'Or'


 
 
 

Recent Posts

See All
Leanúnachas 9: Comhluadar 2

Leanúnachas 9: Comhluadar 2 Smaointe fánacha 2(a) Dé Máirt arís agus tá mo chara, Peadar, agus mé féin inár suí in ár dTeach Tábhairne áitiúil, an 'Butchers Arms'. Níl na baill eile den chomhluada

 
 
 
Leanúnachas 8: Comhluadar 1

Smaointe Fánacha 1(a) Dé Máirt arís. Iontach! Beidh mé ag bualadh le mo chairde inniu sa Teach Tábhairne áitiúil seo 'gainne. Cúigear dinn, gach duine ar scor, sa chomhluadar. Ina measc Doctuir, Oifig

 
 
 

Comments


bottom of page