Leanúnachas 12: Spioraid Spóirt
1.
Leanúnachas 12: Spioraid Spóirt
Dá gcreidfeá na scéalta go léir insna meáin gheofá radharc ar an saol agus ar an gcine daonna atá duairc agus éadóchasach. Baineann a formhór dena scéalta le hanachana ar fud an Domhain; daoine ag fulaingt, is ag teitheadh ón uafás atá ag titim orthu gan aon locht orthu féin.
Uaireanta is anachana nádúrtha atá ann, ach go ró-minic is baill den chine daonna atá ciontach, deachtóirí uaillmhianacha, poiliteoirí cama gan an aird is luath ar na daoine a thogh iad; daoine ollshaibhre atá comh santach sin nach mbeadh a ndóthain airgid acu go deo na ndeor, daoine iad a scriosfadh an plainéad uilig ar thóir a mbrabús féin.
Is deacair uaireanta cloí leis an gcreideamh go bhfuil maitheas i ndaoine, agus dóchas a choinneáil. Ar an dea-uair, anois is arís ardaítear ár meanma nuair a léimid faoi ghníomhartha uaisleacha déanta ag duine amháin ar son duine eile gan an costas a chomhaireamh.
Léiríonn sé dúinn uaisleacht an ghnáthdhuine atá ullamh dul sa bhearna baoil ar son duine eile atá i gcrúachás, bíodh sé ar sliabh, ar muir fhíáin, bíodh sé na mná ag seasamh an fhóid i gcoinne an Taliban ar son na mban uilig atá faoi chois.
2.
Seo leanas scéal faoi uaisleacht agus maitheas an duine.
Chonaic an Domhan is a mháthair an pictiúr cumhachtach úd de Kevin Sinfield ag iompar a chara, Rob Burrows, imreoir cáiliúil Rugbaí League, a bhí scriosta ag an aicíd chrúálach MND, thar an líne sa Leeds Marathon. Iad araon ag meangadh go mór. Rob dearóil, in uacht a bháis.
Mhúscail sé mothúcháin láidre i ndaoine. Chuireadar a lámha ina bpócaí chun deontais airgid a thabhairt don chúis a bhí gar do Rob Burrows agus a bhean chéile a bhí ina lánchúramaí dó.

Chuir an pictiúr céanna gliondar ar croíthe gach duine a chonaic an gníomh ceanúlach a rinne luthchleasaí do luthchleasaí eile a bhí in uacht a bháis. Fuair Rob bás 2024, mí i ndiaidh a iompar thar an líne. Ní raibh ach dhá bhliain is daichead slánaithe ag an bhfear bocht.
Thug gníomh Kevin Sinfield aitheantas do Rob Burrows agus do gach a dhein sé, ní hamháin do Rugbaí League agus do Leeds Rhinos, ach do sport uilig. Thaispeáin sé uaisleacht an duine agus spreag sé uaisleacht i ndaoine eile.
Tá ionad anois san Ospidéal Seacroft i Leeds, Ionad Rob Burrows. 'Sé aidhm an ionaid seo tacaíocht a thabhairt do dhaoine atá ag fáil báis le MND, agus dá muintir.
Is oidhreacht uasal é do Rob Burrows agus do na luthchleasaithe a chuidigh leis in am an ghátair agus is cuimhneachán uasal, buan é d'fhear a smaoinigh ar daoine eile ainneoin a chruachás féin.
Foclóir
dá gcreidfeá = if you believe
radhard duairc éadóchasach= sad, hopeless view
cine daonna = humankind
anachan = tragedy/disaster
ag fulaingt is ag teicheadh = suffering and fleeing
gan locht orthu = no fault of theirs
deachtóirí uaillmhianacha = ambitious dictators
ollsaibhre = super-rich
santach = greedy
go deo na ndeor = never
ar an dea-uair = fortunately
meanma = spirits
i gcrúachás = in dire straits
léiríonn sé = it demonstrates
an Domhan is a mháthair = everybody
iad araon = both
dearóil = frail
mhúscail sé mothúcháin = raised emotions
deantas airgid = donation
lánchúramaí = fulltime carer
aitheantas = recognition
ionad = centre
oidhreacht = legacy
am an ghátair = in time of need
cuimhneachán buan = permanent memorial
Seo leanas a leithéid de ghníomhartha a léiríonn go loinnreach maitheas an duine.


Comments