top of page

Leanúnachas 13; Claonbholscaire

28 minutes ago
3 min read


Caimiléireacht

Smaointe Fánacha

Leanúnachas 13 Claonbholscaire 1

 

1.

 

Bíonn ardchumas i gclaonbholscairí dallmullóg a chur orainn; a áiteamh orainn go bhfuil rud éigin fíor nach bhfuil fíor; go bhfuil an dubh bán is an bán dubh. Is beag aitheantas a thugann sé don fhírinne. Is lúbaire é; Ní fhéadaimis focal uaidh a chreidiúint. Deirtear: má osclaíonn sé a bhéal tá sé ag insint bréag.

 

'Sé sin módh beatha don bholscaire.  Bíonn sé fostaithe chun scéal nó gníomh a fhostóir a lúbadh, go háirithe nuair is drochscéal nó drochghníomh é. Cuireann sé lúb nó claonadh ar an ndrochscéal chun an milleáin a chur ar daoine eile, nó an locht a scaipeadh agus a dhíriú óna fhostóir cam.

Bíonn ar an gclaonbholscaire smacht a choinneáil ar an nuacht, agus a leagan féin a chur i bhfeidhm.

De ghnáth cuirtear an teideal 'preasrúnaí' orthu, nó 'Comhairleoir Speisialta'.

 

Is baolach an slí bheatha é mar ní thugann an fostóir tacaíocht ar bith dá chlaonbholscaire, dá phreasrúnaí', nuair a 'bhuaileann an cac an gaothrán'.'Sé an t-aon rud atá ar intinn ag an bhfear céanna ná 'an cac a sheachaint'. Don Diabhal leis an 'bpreasrúnaí' nó an 'Comhairleoir Speisialta.

 

Féach ar an méid preasrúnaithe a chaith Donald Trump 'faoin mBus'.

 

Sin an fáth a fhostaíonn poiliteoir claonbholscaire. Bíonn sé mar bearna idir é féin agus an cac. Nuair a theipeann sé/sí sa pháirt sin níl sé/sí úsáideach a thuille.

 

Faraor, uaireanta bíonn an claonbholscaire comh rathúil go maireann an bréag mar an fhírinne.


Athinis an bréag arís is arís eile agus sa deireadh creidfidh daoine an bréag.

 

2.

Claonbholscaire 2

 

Bualadh an bob sin orm le déanaí. Léigh mé an scéal agus chreid mé an scéal faoi Jesse Owens insna Cluichí Óilimpeacha 1936.

De réir an bhréigscéil dhiúltaigh Hitler lámh a chroitheadh le Jesse Owens tar éis a bhua sa léim fhada mar b'fhear gorm é Owens.

Tá fhios ag an Domhan is a mháthair go raibh Hitler i measc na ndaoine b'uafásach dár tharraing anál riamh.  Is deacair a shamhlú duine níos measa ná Hitler.

 

Ní raibh deacracht ar bith a chur ina luí ar dhaoine gur dhein Hitler de réir scéala.


I dtosach báire thug Owens an t-eiteachas do theoiric an Mháistirchine Airianach - ard, fionn, gormshúileach - go beacht mar 'Luz' Long, an Gearmánach a bhí i gcoinne Owens.


I bhfírinne, is scéal maith é ach níl an scéal fíor. Níor dhiúltaigh Hitler lámh a chroitheadh le Owens.


'Sé an fhírinne: níor dhein Hitler comghairdeas le buaiteoir ar bith; ni raibh sé ar shearmanas bronnta ar bith. Roghnaigh sé é sin ón tús. 'Sé an rogha a thug an IOC dó ná: bí ag gach searmanas nó ná bí ar searmanas ar bith. Roghnaigh Hitler an dara cheann.

 

Nuair a chuireadar an cheist ar Jesse Owens féin dheimhnigh sé nár dhiúlaigh Hitler.

 

Dúirt sé gurab é an duine a dhiúltaigh aitheantas is comhghairdeas a thabhairt dó ná a Uachtarán féin, Rooseveldt(FDR) - ar eagla go ngoillfeadh sé ar a lucht leanúna insna Stáiteanna sa deisceart.


Cé gur príomhluthchleasaí a thug clú agus cáil dá thír ní raibh sé ceadaithe dó ithe i mbialann le daoine geala; bhí air taisteal sa chúlshuíocháin insna busanna; ní raibh sé ceadaithe an leithreas céanna a úsáid; ní raibh a pháistí ceadaithe dul ar na scoileanna céanna is páistí geala.


B'shin an 'deighilt' idir 'geal' agus 'gorm' a bhí i bhfeidhm insna Stáit Aontaithe go dtí an dara leath den fichiú aois.


Ainneoin é sin uile bhí sé níos éasca bréagscéal a áiteamh ar dhaoine. Bhain sé an béim as iompar uafásach an Uachtaráin. B'shin jab an chlaonbholscaire.

 

Fuair Owens 'fáilte tickertape' i Nua Eabhrach, ach ní fhuair sé comhgháirdeas ná an gnátheiligream a dtugtar do bhuaiteoirí geala ón dTeach Bán.

 

Bhí sé i bhfad níos éasca an scéal bréagach a chreidiúint ná an scéal fíor.


D'fhás an cairdeas idir Owens agus Long. Maraíodh Long sa chogadh 1943. Tá scéal ann gur scríobh sé litir chuig Owens ag impí air a mhac, Kai Heinnrich, a aimsiú sa Ghearmáin, tar éis an chogaidh. Níl ann ach scéal.

Bhuail sé le Kai Heinnrich 1951, agus lean an cairdeas a thosnaigh lena athair.


An scéal atá fíor?

An dluthchairdeas, 24 carat, idir Owens agus Long. Dar le Owens, maireann cairdeas i bhfad níos faide ná boinn.

 

Foclóir

1.

caimiléireacht = crookedness

ardchumas = high ability

bolscaire = propagandist

claonbholscaire = spin doctor

lúbaire = twister

fostaithe = employed

snas = polish

preasrúnaí = Press Secretary

tacaíocht = support/backing

buaileann cac an gaothrán = shit hits fan

bearna = gap

comh rathúil sin = so successful

athinis = repeat

2.

bréag = false

dhiúltaigh = refused

dár tharraing anál riamh = whoever drew breath

cuir ina a luí = persuade

comhghairdeas = congratulations

aitheantas = recognitiongnátheiligream = usual telegram

daoine gheala = white people

níl ann ach scéal = it's only a story


 

 

 

   

   

 

 

 
 
 

Comments


bottom of page