Leanúnachas 14(a): Menin Gate
Turas chuig an Menin Gate
Seo a leanas cur síos pearsanta.
Ar mo thaisteal dhom lem' mhac thar Pairceanna Cogaidh an Chéad Chogadh Domhanda 1999, bhí sé ar intinn againn a bheith in Ypres ar a hocht a' chlog iar nóin, chun bheith i láthair don 'Last Post' ag an Menin Gate.

Ba sheo mo thríú nó cheithre uair ag an searmanas mothálach seo.
Ar an nGeata tá leachanna marmair le ainmneacha de 54,000 saighdiúir a maraíodh i gCathanna Ypres saighdiúirí nach bhfuil uaigheanna acu. 'Known Only to God'. I measc na marbh, tadeartháir de John Redmond, Major Willie Redmond MP. Tá a uaigh le feiceáil ar an mbóthar chuig Messines.
I 1927 bheartaigh Údarás na Breataine ar an gcuimheachán anseo in Ypres a thógáil ar thalamh bronnta ag Rialtas na Beilge.
Gach oíche ar a hocht a' chlog ó shin i leith, céad bliana anois, dúntar an bóthar a théann tríd an Gheata; titeann tost ar na sluaite,agus seinneann ceathrar buabhallaí, baill de Bhriogáid Dóiteáin na Beilge an 'Last Post'.
Is ócáid sármhothálach é. Bhí mé i láthair b'fhéidir ocht uair agus spreag sé deora ionam gach uair.
2.
Ag an ócáid faoi leith atá luaite thuas agam bhí ionadh orm nuair a chonaic mé Aonad d'Arm na hÉireann le brat na hÉireann i láthair.
De bharr Éirí amach na Cásca, 1916, agus Cogadh na Saoirse bhí an meon Éireannach scoilte faoi cheist chuimhneacháin na marbh sa Chéad Chogadh Domhanda. Sin é an fáth go raibh ionadh orm an t-Aonad seo a bheith páirteach.
D'ísligh siad a mbratanna sa mhodh míleata le linn seinnm an 'Last Post'.

An lá roimhe thug mé cuairt ar an gCuimhneachán i Messines, gar do Ypres, do shaighdiúirí Éireannacha, 50,000, a maríodh. Ag am mo chuairte ní raibh an Cuimhneachán oscailte ach bliain nó mar sin.
Ní raibh Gaeilge ag an dtreoraí agus bhí mé ábalta aistriú dó.
Tá an 'Peace Tower' tiomnaithe do shaighdiúirí Oileáin uilig na hÉireann. Throideadar is maraíodh iad ar thaobh a gcéile i gCath Messines Ridge,1917.

Tá a gCuimhneachán féin ag saighdiúirí an Tuaiscirt, the 36h Division, i dTiepval. Ardaíodh é go luath tar éis an áir ar an Somme.
Tar éis an 'Last Post' ar an oíche úd chuaigh mé agus mo mhac isteach i dteach tábhairne i lár Ypres. Bhí scata mór de Dhílseoirí ann romhainn comh maith leis na saighdiúirí Éireannacha a bhí ag an searmanas. Bhí an dá dream measctha le chéile ag an beár ag cur is ag cúiteamh faoin searmannas. Ba dheacair a cheidiúint gur naimhde iad ar ais in Éirinn.
Bhí dreas comhrá i nGaeilge agam le saighdiúir mór as an Rinn, Gaeltacht Portláirge.
Nuair a thosnaigh an ceol bhí amhráin ón dá thraidisiúin le cloisint.
Bhí an-oíche againn gan easaontas ar bith. Bhuail mé an bóthar chuig an ostán leath tar éis an mheáin-oíche, an ceol faoi lán tseol.
Chuimhnigh mé ar an bhfíric gur throid an 16th Division(Éireannaigh an Deisceart ) taobh leis an 36th Division (Ulster) i gCath Messines Ridge, 1917.
Féach ar mo bhlog: 'Fr Willie Doyle' (Leanúnachas 14), gan uaigh, a ainm ar leach 160 i dTyne Cot.
Ghoill sé go mór orm go raibh daoine biogóideacha i dTuaisceart na hÉireann ag cothú easaontas, agus deighlt idir an dá chumann.
D'eagraigh Ian Paisley agus an DUP feachtas i gcoinne aontas Aoine an Chéasta, a mhol comhroinnt cumhachta.
Rith sé liom go raibh sé ábalta an post mar First Minister a ghlachadh le Martin McGuinness deich mbliana ina dhiaidh sin: 'The Chuckle Brothers' an leasainm a bhí orthu. Roimhe sin ní shuífeadh Paisley sa seomra céanna le McGuinness.
Faraor, triocha bliana tar éis Aoine an Chéasta tá daoine ann ag cothú trioblóide is easaontas - mar shampla na Drumcree Marches.
Foclóir
cur síos pearsanta = personal account
ar mo thaisteal dom = on my journey
searmanas mothálach = emotional ceremony
buabhallaí = bugler
briogáid dóiteáin = Fire Brigade
ócáid is mothálaí = most poignant occasion
treoraí = guide
Fíric = fact
Dílseoir = Loyalist
ag cur is ag cúiteamh = discussing/ chatting about
dreas comhrá = a bit of a conversation
easaontas = disagreement/disunity
daoine biogóideacha = bigots
feachtas = campaign
comhroinnt cumhachta = power sharing
Aoine an Chéasta = Good Friday


Comments