top of page

Leanúnachas 17: Feall is Easpa Muiníne

36 minutes ago
3 min read

Leanúnachas 17: Feall is easpa muiníne

 


 

Smaointe Fánacha

leanúnachas 17 Feall

Le déanai bhí scéal sa nuacht faoin bhfeall uafásach a rinne fear ar a bheanchéile.

 

Ainneoin an náire dhiúltaigh an bhean chróga a ceart a bheith do-ainmnithe, agus labhair sí amach go poiblí faoin mbriseadh muiníne agus an feall a rinne an fear, athair a páistí, fear ina chuir sí a muinín go huile is go hiomlán uirthi.

 

Dá bharr an bheart chróga sin d'ainmníodh an fear fealltach. Ba fhear gnó agus Comhairleoir áitiúil é, agus creachadóir claonta ag an am gcéanna.

 

Ní peaca amháin, uair amháin a bhí ann. Bhí an feall uafásach á dhéanamh aige le tri bliana déag agus é ag tabhairt cuireadh ar-líne d'fhir eile dá leithéid féin teacht agus a bhean a éigniú agus é féin ag déanamh scannán de, agus ag foillsiú na scannáin céanna dá chiorcal claonta arlíne. An bhean bhocht gan aithne gan úrlabhra de bharr na drugaí a bhí tugtha di i ngan fhios di roimh ré.

 

Lean an scéal ainniseach seo scéal ainniseach eile faoi bhean san Fhrainnc, Giselle Pelicot, a fhulaing an feall céanna. Scéal a d'fhág an Domhan uilig suaite.

 

De bharr na mná úd cróga ag labhairt amach tugadh misneach do mhná eile labhairt amach faoin ar thárla dóibh siúd. Mná nár labhair amach roimhe mar bhí scanradh orthu faoin a scéalta is a n-ainmneacha náirithe i mbéal an phobail, agus scanradh orthu faoi na torthaí ar a bpáistí neamhchiontacha.

 

Tá na scéalta á phlé i láthair na huaire faoi Brand agus Walliams. De réir dealramh creachadóirí ghnéis iad araon. Deirtear go bhfuil ainmneacha ceiliúrán eile le teacht, creachadóirí atá faoi cheilt i ngnathradharc.  

 

Ardaíonn na scéalta thuas ceisteanna:

An bhfuil an cine daonna i dtréimhse bás na muiníne?

 

An bhfuilimid i réim an chreachadóra, in ár saolta pearsanta, in ár saolta creidimh, in ár saol poiliticiúil?

 

An bhféadfaimid braith gan choinníol ar ár n-athaireacha, ná ar na daoine is ansa linn?

 

Cad é an toradh orainn nuair a fheicimid an lánúin is ansa linn i ngaol mí-úsáideach, fealltach?

 

Cad iad na ceachtanna atá á múineadh agus á fhoghlaim maidir le bheith i ngaol le duine eile? In áit 'romance' bheadh 'prenups', mar atá ag Melania Trump, agus mnáchéile eile atá, nó a bhí pósta le fir ollshaibhre, chun iad féin a choinneáil slán agus saibhir.

 

Cén chosaint atá ag mná. Cloistear scéalta gach lá faoi mí-úsáid, agus éigniú. Faraor, nuair a bhí díospóireacht sa UN roinnt lá ó shin faoi cheartanna ban ba iad  US agus an Rúis na tíortha a staon sa bhóta.  

 

An bhféadfá muinín a bheith agat as duine ar bith eile?

 

Ceiliúirtear an grá i ndán, in amhráin, i scéalta ón seanaimsir go dtí an lá atá inniu ann. Is cuid faoi leith é 'geantraí' i mbéaloideas na hÉireann: 'Diarmaid agus Gráinne' ms.

I Shakespeare tá: 'Romeo and Juliet'.

Grá gan choinníol, grá chun báis. Nach iad san na móideanna bainise.

 

An lá atá inniu ann tá an méid sin de scéalta faoi dhaoine mór le rá ag scaradh, agus ag dul i ngleic faoi airgead. Le linn na hagóidí bíonn brú ar paistí rogha a dhéanamh faoin a dtuistí, na daoine is ansa leo. Níl sé ceart ná cóir an brú sin a chur ar páistí - uaireanta ar páistí gan locht a mothaíonn ciontachas faoin scaradh.

 

An bhfuil riachtanas soisialta ann muinín a chothú ar leas an cine daonna uilig. I láthair na huaire tá daoine sárchumhach i réim ag déanamh a seacht ndícheall na Epstein Files a choimeád faoi cheilt; tá daoine cumhachtach ag baint úsáid as NDAs chun íospairtigh a choinneáil ina dtost, ms E Jean Carroll, nach maireann, agus Trump.

 

Foclóir

feall = betrayal/treachery

creachadóir = predator

do-ainmnithe = not to be named

claonta = perverted

gan aithne gan urlabhra = unconscious

suaite = shocked

neamhchiontach = innocent

creachadóirí gnéis = sexual predators

i ngnathradharc = in plain sight

ceiliúrán = celebrity

geantraí = love song

béaloideas = oral tradition

móideanna bainise = wedding vows

riachtanas = social imperative

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

   

 
 
 

Recent Posts

See All
Leanúnachas 13; Claonbholscaire

Caimiléireacht Smaointe Fánacha 1. Bíonn ardchumas i gclaonbholscairí dallmullóg a chur orainn; a áiteamh orainn go bhfuil rud éigin fíor nach bhfuil fíor; go bhfuil an dubh bán is an bán dubh. Is

 
 
 

Comments


bottom of page