Leanúnachas 15: Scéal Grinn
Scéal grinn faoi dhúnadh 'Fords' i gCorcaigh
Deirtear go bhfuil acmhainn ghrinn faoi leith ag muintir Chorcaí. Seo leanas scéal a chuala mé cianta ó shin faoi dhúnadh 'Fords' i gCorcaigh.
Le fada an lá 1917-1984 ba é 'Fords' an fostóir is mó i gCathair Chorcaí agus máguaird.
De réir scéala ba as Corcaigh sinnsearach Henry Ford.
1983 tugadh 'póg an bháis' don mhonarcha thíos sa Marina, cois Laoi. Ba 1984 an spriocdáta é a dhúnadh go huile is go hiomlán.
Lena linn sin bhí na fostaithe ag goideadh páirteanna spártha is iad ag fágaint na monarchan gach oíche. Ní raibh na fir slándála ar na geataí ag tabhairt aon aird ar an ngadaíocht mar bhí an monarcha críochnaithe ar aon nós.
Agus, i bhfírinne, i ndeireadh na dála ba chomhasanna iad do na fostaithe chéanna a bhí ar tí a bheith dífhostaithe.
Ag an Aoine dheireannach bhí an deis dheireannach ag na fostaithe lámha a leagadh ar páirteanna, so, bhí a bpocaí lán amach an ngeata is iad ag fágaint slán le 'Fords' don uair dheirennach.
Dé réir scéala bhí fear amháin ann, Jernah, plódaithe go gunal le páirteanna. Ba ar éigean dó siúl de bharr an méid páirteanna a bhí ní hamháin ina phócaí ach thíos ina bhríste a bhí ceangailte le téadanna timpeall na rúitíni.
Bhí na fir slándála ag meangadh ag faire air ag streachailt.

'Cad tá cearr le Jernah, tá siúl an-aisteach air. He looks very rheumaticky', adeir an chéad fhear slándála?
'Bhuel, is mar seo atá sé anois, a bhuachaill, if you gave him a good push he'd probably shtart.'
Foclóir
acmhainn ghrinn = sense of humour
fostóir = employer
sinsearach = ancestry
monarcha = factory
póg an bháis = kiss of death
spriocdáta = deadline
fostaí = employee
dífhostaithe = unemployed
fear slandála = security man
comharsanna = neighbours
siúl aisteach = funny walk
b'ar éigin = barely able
rúitíní = ankles
Please subscribe/like(Cláraigh led' thoil)


Comments