Leanúnachas 14; Maitheas an Duine
Sa bhlog seo ba mhaith liom daoine a rinne maitheas thar cuimse agus a thaispeáin go bhfuil maitheas i ndaoine i nDomhan crúálach.
In Flanders Field the poppies grow
between the crosses row on row
that mark our place....
we are the dead. short days ago we lived
1. 'an t-Athair' Willy Doyle

Sin iad thuas na línte tosaigh den dán a chum Dr John McCrae i 1915, tar éis an dara chath d'Ypres, é ag cuimhneamh ar a chara a mharaíodh sa chath céanna.
Sa bhliain 2005 chuaigh mé le mo mhac is óige ar cuairt chuig na machairí catha den chogadh céanna. I measc na machairi catha tá Langemarck.
Is insan cath sin a maraíodh an t-Athair 'Willy' Doyle SJ. Bhí sé ina sheiplíneach don '16(Irish) Division'.
Ba as Baile Átha Cliath é. Nuair a chonaic sé go raibh uimhir mhór d'Éireannaigh ag dul in Arm na Breataine chun troda sa Chéad Chogadh Domhanda, Caitilichigh a formhór díobh, chuir sé é féin ar aghaidh dá dheoin féin mar Shéiplíneach.
I gcath i ndiaidh catha chuaigh sé sa bhearna baoil faoi lámhach na gunnaí chun cuidiú spioraideálta, uisce, nú lámh cúnta a thabhairt do shaighdiúirí, pé le chreideamh nó gan chreideamh, gonta go marfach i 'No-mans Land'. Bhí sé féin gonta le gáis i gcath Loos, 1915. Dhiúltaigh na h-údaráis míleata an MC a bhí tuillte agus comhairlithe.
Dúirt na hOifigigh nach raibh riamh i ngar do bhéal an chatha nach raibh seisean fada go leor ar bhéal an chatha.
2.
Mí Lúnasa 1917 bhí an t-Athair 'Willy" ag freastail, ag tabhairt na sacraimintí deireannacha do shaighdiúirí gonta i gcath Langemarck, 3ú Cath d'Ypres, nuair a maraíodh é féin.
Bhí Oifigeach Bleá Cliathach, dena Royal Irish Fusiliers gonta go dona amuigh i NO-mans Land. Gan leisce dá laghad rith 'Willy" chuig an fear agus d'iompaigh sé siar é go dti an díog. Faraor, phléasc sliogán agus maraíodh 'Willy'.
Féach thíos ar atá scríofa ins na taifid

Níor aimsíodh a chorp. Dar leis an Ginireál Hickey, OC 16 Division, b'é Willy Doyle an fear ba chróga dar bhuail sé leis ina shaol uilig.
Le linn ár gcuairt chuig na machairí catha tháinig muid go Tyne Cot, cuid den Reilig ina bhfuil ainmneacha na marbh a thit i bpáirc an chatha Passchendale agus nár aimsíodh a gcorp. I measc na mílte, breis is 34,000, tá ainm 'William 'Willy' Joseph Doyle.
Is eiseamláir é William Joseph Doyle do shár-uaisleacht an duine; gníomhartha uaisle a dhéanamh do dhaoine nach bhfuil aithne aige orthu, ach is baill den chine daonna iad.
Cé go bhfuil an cumas uasal sin ar dhaoine is annamh a feictear é i gceannairí rialtas nó i gceannairí na hEaglaise. I láthair na huaire tá ganntanas mór de ar fud an Domhain.
Is mó Sagart a rinne mí-úsáid ar leanai soghonta, na ciontóirí céanna cosainte ag Údaráis na hEaglaise; Mná Rialta neamhbháúla, crúála insna Magdalen Homes gan bhá do na cailíní mí-ámharacha brúite ina gcúram, agus a naíonáin marbha caite mar bhruscar in olluaigheanna; a naíonáin beo réabtha uatha agus díolta do stráinséirí.
Is deacair a chreidiúint gur tháinig an t-Athair 'Willy" as an Eaglais chéanna, spreagtha ag an gCríost céanna.
Tá saint, crúálachas, banfuath agus biogóideacht i réim go forleathan an lá atá inniu ann. Faraor, uareanta in ainm reiligiúin éigin.
Is gá daoine mar Willy Doyle a bheith againn chun a chuir i gcuimhne dúinn go bhfuil maitheas is uaisleacht i ndaoine; nach bhfuil gach duine ar a shon féin agus don Diabhal le gach duine eile.Tá seans ann go spreagfaí uaisleacht an duine.
'An t-aon rud riachtanach do bhua an donais ná diúltú an fhírinne ag daoine maithe'.(mo aistriú)
'Went the day well?
we died and never knew
But well or ill
Freedom, we died for you
******
For your tomorrow, we gave our today
Tá cúis naomhainmniú Fr William Joseph Doyle SJ tosnaithe le déanaí, céad bliana i ndiaidh a bháis.
Foclóir
machaire catha = battlefield
bearna baoil = gap of danger
faoi lámhach na gunnaí = under fire
ar bhéal an chatha = at the front
níor aimsíodh = not found
eiseamláir = example
gan brabús = without profit
in easnamh = missing
ceannairí = leaders
saint = greed
banfuath = misogyny
biogóideacht = bigotry
Is gá = it is necessary
naomhainmniú = canonisation


Comments