Leanúnachas 5: Fiaclóir
Leanúnachas 5
Sa bhlog seo tá mé ag iarraidh na smaointe fánacha a leanúint pé áit a théann siad gan an meon Gaeilge a chailliúint Tá gach rud dúshlánach anois, ach is fiú cloí leis. Géillfidh sé buntáistí.
In this blog I am endeavouring to follow the random thoughts wherever they lead without losing the Gaeilge mindset. It is challenging but it is worth sticking to. It will yield benefits.
Is fuath liom dul chuig an fiaclóir, ach anois is arís bíonn sé riachtanach. Cosúil lena lán daoine bhí droch-eispéireas agam leis an bhfiaclóir im' óige.
Faraor, an tseachtain seo caite chaill mé seanlíonadh. Ní raibh aon dul as, bheadh orm dul chuig an fiaclóir. Is beag tinneas atá cosúil le tinneas fiacal. Tá sé id'cheann istigh.
Seo iad mo smaointe chun m'intinn a dhíriú ón dtinneas céanna, agus ón gcuairt chuig an fiaclóir.
Is beag cuimhní beachta atá agam ar eactraí a thárla nuair nach raibh ach sé nó seacht mbliana slánaithe agam, ach gabhann an focal 'fiaclóir' mise díreach go dtí an lá úd nuair a bhain fiaclóir ceann dem' fhiacal amach. Is cuimhin liom go beacht cruinn é, boladh an gháis agus an gléas a chuir sé ar mo bhéal is mo shrón; is cuimhin liom is mé im' leathdhúiseacht, mo bhéal lán fola, an fiaclóir ag rá: 'caith seile isteach ansin', agus é ag tabhairt amach mar níor chuaigh mo sheilí fola isteach ina bhabhla.
Tá an cuimhneamh soiléir sin liom octó mbliana ina dhiadh a thárla. Ní raibh an bá is lú ag an bhfear sin do pháistín óg a bhí sceimhlithe, leath ina dhúiseacht tar éis an gháis, agus baclann a Mham de dhíth. Coirpeach!
Mo smaointe fánacha inniu:
'B'fhéidir nach bhfuil fiaclóir riachtanach!
Ná bí amaideach. Níl aon dul as. Dein an choinne.
Tá scaoll fúm faoi mo chuairt amárach mar tá níos mó ná seiceáil i gceist. B'fhéidir líonadh!
Beidh an fiaclóir ag druileáil! Beidh instealladh!
B'fhéidir go mbeidh stoitheadh i gceist!
Tóg go bog é anois, a Phádraig! Beir greim ort fhéin. Ná bí ag samhlú an cás is measa!
Ní mór dom smaointe dearfacha, gliondracha, lúcháireacha a spreagadh, agus m' intinn a dhíriú ón bhfiaclóir agus ón dtinneas im' cheann istigh.
Caithfidh sé a bheith cinnte an lá atá inniu ann nach bhfuil siad comh crúálach, neamhbáúil. Ní ghlacfadh an ghlúin seo agus a dtuisti le iompar crúálach mar a d'fhulaing ár nglúinse.
Leanúnachas 5 (2)
Is lá breá brothallach atá ann inniu, a Phádraig. Bain tairbhe as.
Níl ceadúnas tiomána agam anois so cad é an bus atá uaim?
Seo an amchlár. Ligfidh mé uair a' chloig chun bheith slán in am don choinne.
Anois, bí ar do sháimhín só ar an mBus, a dhuine, agus dírigh ar do thimpeallacht, seachas ar an bpian ainniseach i d' cheann istigh.
Féach! Sin Páirc imeartha mo sheanscoile. Is iomaí lá a chaith mé ar an bPáirc chéanna nuair a bhí mé ag múineadh ann. Laethanta ghliondracha, gan aon agó.
D'imir mé sacar ann don chéad uair.
Níor imir mé sacar ná rugbaí i gCorcaigh. Is cuimhin liom 'the Ban' a bhí ag an CLG ar 'cluichí coimhthíocha'. A mhalairt anois. Imrítear sacar agus rugbaí i bPáirc Uí Chaoimh.
Bhain mé triall as rugbai sa Pháirc seo thíos ag imirt i gcoinne na daltaí sinsearacha.
Seanfhir ar scor anois na daltaí chéanna.
Is cuimhin liom nuair a chuir an scoil fáilte roimh cailíní don chéad uair. Bhíomar, ar sceitimíní.
Ní raibh taithí ná baint ar bith agam le girseacha im'ranganna roimhe sin. Fírinne a rá is beag baint a bhí agam le girseach ar bith istigh nó amuigh. Is dóigh liom gurab ionann le mórchuid dena múinteoirí ag an am.
Ach nách iontach an tionchur a bhí acu ar an scoil. Bhain mé an-sult as múineadh na ngirseach. Bhí fonn léannta orthu, fonn níos láidre ná an fonn a bhí ar na garsúin.
D'árdaíodar an caighdeán iompair. Níl fhios agam ar bhain na buachaillí tairbhe as. Don chéad uair bhíodar i ngleic le cailíní comh cliste agus níos clisti ná iad féin.
Á Bhuel, seanscéal anois é.
Níl na daltaí amuigh ag imirt fós.
Im' chuimhní fánacha cuireann an Páirc i gcuimhne dom laethanta m'óige ag imirt iománaíochta i gCorcaigh, cois Laoi, 'down the Marina', Páirc Uí Chaiomh anois. 'The Barrs' i gcoinne 'The Glen' (minors). Mise, seacht mbliana d'aois ag imirt lár tosaigh. Chuir mé '70' thar an dtrasnán im' chluiche deireannach. A leithéid de scleondar!
Bhí an bua ag na 'Barrs'. Is cuimhin liom an mórshiúl caithréimeach abhaile leis an gCorn.
Nuair a shroiseamar halla na Cathrach agus teach tábhairne trasna na sráide uaidh- ní cuimhin liom an ainm anois- bhí m' athair ann agus cheannaigh sé deochanna don bhfoireann uilig. Ag an am bhíomar fós inár bPioneers'.'Tanora' ag gach duine.
B'shin deireadh agus barr mo ré leis 'The Barrs' mar fuair mé post i gCionn Sáile go luath ina dhiaidh sin agus ní raibh mé ábalta traeneál go rialta leis na Sinsearaí.
Cúpla bliain ina dhiadh sin bhí mé ar an Innisfallen go Londain. D'airíos uaim mo iománaíocht, ach, 'sé mo léan géar, nach raibh seans agam é a leanúint.
Féach! Táimid ag druidim ar an máinliacht.
Ar an mbealach bhí mé comh caillte sin ar bóithrín na smaointe nár thug mé aon áird ar mo thinneas fiacal ná ar an sceimhle a bhí romham. Buíochas mór le seanchuimhní áthasacha!
Tá an seomra feithimh an-chiúin. Tá tuistí lena bpáistí agus níl rian de sceimhle ann. Tá daoine go socair ag léamh Irisí.
B'fhéidir nach mbeidh sé ró-olc nuair atá deireadh leis. B'fhéidir go bhfuilim scanraithe gan chúis!
Foclóir
Is fuath liuom = I hate
dul chuig = going to
seanlíonadh = an old filling
Is beag cuimhní beachta = little exact memories
chaith seile = spit
scaoll = panic
instealladh = injection
stoitheadh = extraction
ag samhlú = imagining
an cás is measa = the worst case scenario
dearfach, gliondrach, lúcháireach = positive, happy
cluichí choimhíocha = foreign games
an ghlúin seo = this generation
tuistí = tuismitheoirí = parents
iompar = behaviour
ceadúnas tiomána = driving licence
amchlár = timetable
tionchur = influence
fonn léanta = desire to learn
Lár tosaigh = centre forward
caithréimeach = triumphant
B'shin deireadh agus barr = final and high point
'sé mo léan géar = my great sorrow
ag druidim ar = approaching
bóithrín na smaointe = Memory Lane
níl rian de sceimhle = no sign of terror
Cláraigh led' thoil. Please subscribe


Comments