Sam Maguire
Sam Maguire

Fear eisceachtúil ab ea Sam Maguire.
Ba as stoc Protastúnach é. Feirmeoirí láidre a mhair go cáirdiúil lena gcomharsain Caitiliceach. Bhí feirm Mhic Uidhir (Maguire) congarach d'fheirm na gCoileáinigh in iarthar Corcai, gar do Dúnmánmhaí (Dunmanway).
D'fhreastail sé ar an scoil náisiúnta agus ar an Model School áitiúil.
Thit sé faoi thionchur an Mhástir Madden, Naisiúnaí den scoth.
Threoirigh agus d'ullmhaigh an Maidíneach Sam don Seirbhís Sibhialta. D'éirigh leis sa scrúdú, agus fuair se post sa Mheán Oifig a' Phoist i Mount Pleasant, Londain, post a bhí an-úsáideach níos déanaí le linn Cogadh na Saoirse.
Chaith sé é féin isteach go díograiseach i saol na nGael i Londain, ag imirt iománaíochta agus peile. Ba oifigeach é sa CLG Londain agus sa deireadh toghadh é ina Uachtarán ar CLG Londain.
Bhí sé ina chaptaen ar an bhfoireann Hibernians, a bhí ag imirt sa Cluiche Ceannais Uile-Éireann 1900, 1901 agus 1903.
Ba chara mór Sam le Liam MacCarthy, agus is an fear sin a mhionnaigh isteach san IRB é. An fear céanna a mhionnaigh isteach Michael Collins.
Le linn Cogadh na Saoirse ba ghníomhaire thábhachtach do Michael Collins é ag bailiú faisnéise. Ag obair in Oifig an Phoist i Mount Pleasant bhí sé ábalta faisnéis oifigiúil a fheiceáil.
Bhí fhios ag na hÚdaráis go raibh caochán, mól, sa chóras poist ach níor ghabh siad ar Sam.
Faraor, nuair a dhúnmharaíodh Sir Henry Wilson i Londain 1922 ag an IRA d'éirigh Scotland Yard amhrasach faoi Sam. Chuaigh sé ar ais go h'Éirinn faoi dheifir. Fuair sé post sa Seirbhís Sibhialta nua i mBleá Cliath.
Chaill sé a phinsean ón mBreatain.
Áfach, nuair a shínigh an Conradh thacaigh sé leis na Poblachtánaigh agus chaill sé a phost. Thugadar £100 dó. Deirtear gurab é Caoimhín Ó' hUigín a mhol a dhibirt as a phost.
Chuaigh sé ar ais go Dúnmánmhaí, a shláinte briste leis an eitinn, a phócaí folamh. Fuair sé bás 1927 i mbochtanas, in aois 47.
Cuireadh é i reilig Eaglais na hÉireann i nDúnmánmhaí.
D'ardaíodh Cros Ceilteach ar a uaig. Scríofa air:
Erected to the memory of Samuel Maguire
by the People of Dunmanway and his numerous friends throughout Ireland and England
in recognition of his love for his Country.

I 2002 d'ardaíodh dealbh dó Lár an Bhaile i nDúnmánmhaí.
1928 bhí an Corn Sam Maguire coimisiúnta ag an Dr Patrick McCartan. Bhí an Corn bunaithe ar íomhá an Ardagh Chalice. Tá an Corn céanna anois in iarsmalann CLG i bPáirc an Chrócaigh. Deineadh cóip den 'Sam' 1988.

Foclóir
eisceachtúil = exceptional
stoc Protastúnach = Protestant stock
thit sé faoi thionchur = he fell under the influence
den scoth =
mhionnaigh isteach = swore-in
gníomhaire = agent
ag bailiú faisnéise = gathering intelligence
caochán = a mole
amhrasach = suspicious
an Conradh = the Treaty
an eitinn = TB
i mbochtanas = in poverty
dealbh = statue
íomhá = image
iarsmalann = museum



Comments