Leanúnachas 6: Smaointe Fánacha
Leanúnachas 6
Laochra Spóirt, Christy Ring 1920-1979.
Nach aisteach iad smaointe fánacha. Ní fios cá dtéann siad.
Ar an mBus chuig an fiaclóir ( féach 'Leanúnachas 5) ag féachaint ar Pairc Imeartha mo sheanscoile léim an cluiche úd inar chuir mé '70' thar an dtrasnán, cluiche a thárla níos mó ná seachtó mbliana ó shin, i gcuimhne dom.
Cad a spreag an cuimhneamh sin?
Aisteach!
Im' shuí sa bhaile t'réis m'angair ag an bhfiaclóir bhí mo chuimhní fós ar laethanta m'óige i gCorcaigh. Tháinig cuimhneamh ar cuairt a thug mé ar ais cois Laoi insna nóchadaí.
Thúirling muid agus chuamar isteach san Halla Teachta. Baineadh geit asam mar díreach ós mo chómhair amach bhí dealbh iontach de Christy Ring. Bhí sé díreach mar ba chuimhin liom 'Ringy' féin.
Im' óige bhí Christy Ring i mbarr a réime. Deirtear nach raibh a leithéid riamh ar an bpairc iomána. Luas agus cumhacht agus cumas scóir dochreidthe.
Sé órlach thar cúig troigh, agus trí chloch is a deich de chumas is scil miorúilteach; uasal cuthaileach, pé ina bhuaiteoir nó ina chailliúnaí.
Faraor, chaith sé geansaí mí-cheart!! The Glen!
Is cóir é a bheith taobh le Cúchullainn i Halla na Laoch.
Is cóir freisin gurab é dealbhóir Corcaíoch a rinne an dealbh iontach.

D'aithin laochra iomána eile a ré iontacht Christy Ring. Is cuimhin liom nuair a bhí an bua ag Loch Garman i gcluiche Ceannais na hÉireann 1956, bliain m'Ardteistiméarachta, d'ardaigh beirt imreoir d'fhoireann Loch Garman Christy Ring ar a nguailne agus d'iompraíodar as an bpairc é. Deirtear go raibh Nickey Rackard, Captaen de Loch Garman, ina dhuine dena n-iomproiri.
Ba laoch iomána thar barr é féin, Nickey Rackard.
Níor chuala mé a leithéid d'aitheantis riamh ag imreoirí a bhí ina n-imreoirí comhraic neomataí roimhe sin. Tárlú dodhearmadtha.
Ocht boinn óir UileÉireann a bhuaigh sé - seacht gcinn díobh in Iarsmalann CLG i bPáirc an Chrócaigh, an ceann deireannach, uimhir a hocht, buaite 1954, leáighte le seoidí óir na mban agus múnlaithe ina chailíis in Eaglais Augustine Naofa i gCorcaigh.

D'imigh Christy Ring ar shlí na Fírinne go hobann i Sráid Phádraigh, mórthaom croí, 1979, in aois 58.
Bhí 10,000 duine ar an socraid i gCloyne, sráidbhaile inar rugadh é, agus ina bhfuil sé curtha.
Ar Dheis Dé a anam cróga
Rith sé liom ag an am san Halla Teachta fiche Bliana tar éis a bháis gur ghabh an dealbhóir, Seán MacCarthy, an fear Christy Ring go huile is go hiomlán.
Foclóir
Laoch = hero
aisteach = odd, strange
angar = ordeal
thuirling = land
Halla Teachta = Arrivals Hall
dealbh = statue
i mbarr a réime = at the height of his time
luas agus cumhacht = speed and power
sé órlach thar cúig troigh = five foot six
trí chloch is a deich = 13 stone
cumas miorúilteach = miraculous skill
is cóir freisin = it is also fitting
d'aithin laochra eile a ré =
other heroes of his time recognised
i gcomhrach= competing against
eachtra dodhearmadtha = unforgetable event
leáighte = melted down
múnlaithe = fashioned into
Cailís = chalice
mórthaom croí = massive heart attack
ar shlí na fírinne = fuair sé bás
Laochra Spoirt na hÉIREANN

Comments