Nollaig na mBan: seantraidisiún
- Padraig de Baroid
- Jan 4
- 2 min read
Foclóir
Réabhlóid tionsclaíochta = industrial Revolution
talamhaíocht = agriculture
torthúlacht = fertility
beatha nó bás = life or death
snoíodóireacht = carving
faighin = vagina
Seantraidisiúin na Nollag ón nGrianstad go dtí an Dá Lá Dhéag.
Sa tréimhse roimh an Réabhlóid Tionsclaíochta, nuair ba thalamhaíocht príomhshaothar na ndaoine ba thorthúlacht an t-ábhar ba thábhachtaí dóibh.
Ba cheist beatha nó bás é.
Tábhachtach drochspriodanna a dhíbirt agus dea-Dhéithe a shásamh.

Tá snoíodóireacht cloiche de Shíle na Gig, uaireanta ar sheanEaglaisí nó ar Chaisleáin ins na tíortha Ceilteacha. Seo iomhá de bhean ar a gogaide ag tarraingt a faighin go leathan.
De réir an mbéaloideas is siombal torthúlachta é.
Faraor, san 9ú aois déag, nuair a thuig Eaglaiseoirí cad a bhí san íomhá scriosadar a formhór díobh.
Mí Eanair
Eanáir (Eanair): Seo an chéad mhí den bhliain.
San Fhéilire Románach ba JANUS (Januarius) an Dia de Thosnaithe Nua.
i gConamara baineadh úsáid as 'mí dhéanach de Gheimhreadh' go dtí'n 20 aois.
Lá C(h)inn = an dá lá déag (12th night); Eipeafáine; Teacht na dTrí Rithe
Nollaig na mBan, 6ú lá de mhí Eanair (Lá Chinn).
Bhí tradisiún ann gurab é seo lá sosa do mhná ón obair tí. Ghlaoigh mo mháthair 'Nollaig na mBan' nó 'Nollaigh Bheag' ar an lá seo.
Ar 'youtube' tá amhráin leis an dteideal 'Nollaig na mBan'.

Sa tréimhse roimh teacht Chriostaíochta bhí ceiliúradh págánach ar a dtugtar; 'wassailing'. Sa cheiliúradh seo thiocfadh daoine go dtí an úllghort agus bheadh ceol, damhsa, agus sport agus scléip, agus d'ólfadh siad leann úll as an mbabhla céanna (wassail = waes hael= sláinte!) ag guí torthúlachta ar an úllghort. Seo 'hullabulloo'.
Ag pógadh faoin drualus (mistletoe) is rian den sean-nós torthúlachta é seo.
Taréis 'hullabulloo' san úllghort rachadh na 'wassailers' timpeall an tsráidbhaile ag canadh agus ag iarraidh airgid nó bia - mar a dhein buachaillí an Dreoilín in Éirinn ar lá 'le Stiofáin, .
'Se 'hullabuloo' ata taobh thiar den dráma 'Twelfth Night' le Shakespeare.
Nuair a bhí mé i mo lead óg, ní raibh a fhios agam faic faoi Nollaig na mBan, ach Nollaig bheag a bhí ann. Níor fhill muid ar an scoil roimh an lá sin agus bhí dinnéar againn amhail is dá mba Lá Nollag é, le turcaí agus an chuid eile ar fad.