top of page

Rún na hAthbhliana 2026

  • Dec 28, 2025
  • 2 min read

 


Foclóir

coicís = fortnight

Rún na hAthbhliana

ceadúnas = licence

athnuachan = renewal

dlite = due

tráthúil = timely

radharc na súl = eyesight

garmhac = grandson

comhthéacs = context


Deireadh na bliana seo, coicís roimh mo bhreithlá,

chinn mé ar mo cheadúnas tiomána a ghéilleadh. Bhí mé ag smaoineamh air le bliain anuas. Ba thráthúil anois é mar bhí m'athnuachan cheadúnais dlite - tar éis seachtó mbliana d'aois ní mór duit athnuachan a dhéanamh gach trí bhliain.

 

Mar a dúirt mé i mblog agus post cheanna féin beidh ocht mbliana is ochtó slánaithe agam ar an 2ú lá de mhí Eanair.

 

Níor chuamar amach san oíche le fada an lá mar níor thaitin tiománaíocht sa dorchadas liom. Níl radharc na súl comh maith nuair atá tú ag dul in aois.

 

Thug mé mo charr do mo gharmhac.

 

Sin comhthéacs mo rúin.

 

Foclóir

daingean = firm

a thaiscéaladh = to explore

deiseanna = opportunities

buntáistí = advantages


'Sé mo rún daingean i mbliana taisteal amach gach

seachtain ar bus, ar traen, ar teacsí nó ar siúl na gcos agus an Chontae máguaird a thaiscéaladh. Tá sé de rún agam sult a bhaint as na rudaí bheaga.

 

Tá áthas an Domhain ar mo bheanchéile, pósta anois le dhá bhliain is seasca, mar is é a barúil go mbeidh deiseanna nua iontacha againn dul go amharclanna, go bialanna, lónta fada a bheith againn le buidéal fíona cois farraige, agus dul go teaspáintais is ceolchoirmeacha suimiúla.  

 

Tá muid fós ar fónamh agus móibileach. Ní mór dúinn na buntáisti is mó a bhaint as an saol atá fágtha duinn.

 

Gan na costais ag baint le carr agam beidh go leor airgid againn fanacht i B&B comh minic agus is maith linn.

 

Rud tábhachtach: gan carr sa chabhsán seo 'gainne: ní bheidh cathú orainn an rún a bhriseadh - an chéad rún Athbhliana gur chloí mé leis níos mó na seachtain amháin lem shaol fada.

 

Deireann an seanfhocal: 'Tús maith leath na hoibre.'

 

Bhuel, ar aghaidh linn go caibidil nua, níos moille ach comh sultmhar leis na caibidlí atá caite againn, le chéile agus i ngrá fós.

 
 
 

Recent Posts

See All
Bóithrín na Smaointe

Ar Bhóithrín na smaointe Lá breá brothallach, deireadh na Márta,  a bhí ann. Lá a bhí ag geallúint go raibh an Geimhreadh thart, an t-Earrach linn agus an Samhradh ag teacht.   Bhí mé im' shuí ar bhin

 
 
 
Jimín Caib. 5(b) bróga nua

Jimín Caib. 5(b) Bróga nua. In which Jimín is amazed by the size of 'an Daingean'; how thirsty the people are; the many pubs and the dreadful black stuff they drink. Mam gets him a new pair of boots w

 
 
 
Jimín 5(a) Ar an Aonach

In which Jimín goes to the Fair with his Dad - something he had been promised for a long time. They have four beasts, which Jimín has to keep driving out of the fields along the road. At the Fair he e

 
 
 

1 Comment


Michael Cleary
Michael Cleary
Dec 29, 2025

Tá súil agam go mbeidh bliain iontach agaibh, tusa agus do bhean chéile, ag taiscéaladh. Go raibh maith agat as do bhlaganna, chuidigh siad go mór liom agus baineann mé an-sult astu.

Maidhc


Like
bottom of page