top of page

Sicín na dtrí chos

  • Padraig de Baroid
  • Jan 1
  • 2 min read




Sicín na dtrí chos 2








Fear ag tiomáint ar an gcuarbhóthar in a charr galánta; aird á thabhairt aige dá ghnó féin.

 

Nuair a stad sé ag na soilsí tráchta. baineadh geit mór as mar thug sé faoi dheara sicíin ag amharc isteach air tríd an fhuinneog taobh leis, agus ní hamháin sin, ba shicín trí-chosach é.

 

D'athraigh na soilsí; thiomáin an fear ar aghaidh, é ag strachfhéachaint ar an sicín a bhí ar aon luas leis.

 

Nuair a shrois siad na céad soilsí eile bhí an sicín fós ag amharc isteach le saghas dúshláin ina shúile.

 

D'athraigh na soilsí; mhéadaigh an fear ar a luas - 50 msu. Bhí an sicín fós ann ag amharc isteach go sotalach.

 

Mhéadaigh sé an luas -80 msu, ach bhí an sicín fós lena thaobh, malaí ardaithe go magúil.

 

Go hobann sháigh an sicín a sciathán clé amach agus chasadar ar clé as an gcuarbhóthar síos bóithrin cung, faoi lánluas.


Sháigh an sicín a sciathán deas amach agus chas siad ar dheis, fós faoi lánluas, síos bóithrín eile; clós feirme díreach ar aghaidh, geata dúnta! Bhuail an fear na coscáin go dtí'n urlár agus scread an carr ina stad srón leis an ngeata i scamall smúite. Lig an fear osna throm faoisimh as.

 

D'fhéach sé timpeall ag lorg an tsicín, ach ní raibh tásc ná tuairisc de ar fáil.

 

Bhí seanfheirmeoir bórach sa chlós. Nuair a chuala sé scread na gcoscán. Dhruid sé leis an gcarr galánta.


Bórach (bandy)
Bórach (bandy)

 

'Fuadar fút, a bhuachaill?'

 

'An bhfaca tú sicín na dtrí chos?'


'Ó! 'cinnte, tá sé thall sa pháirc. Is sicín saor-raoin é.'


'Ach tá trí chos air!'


'Bhuel, is fíor sin. Póraím mo shicíní mar sin.'


'Ach, tuige trí chos?'

 

'Bhuel, is mar seo é, a bhuachaill, tá triúr i mo theaghlach. Is maith liomsa cos an tsicín, is maith le mo bheanchéile cos an tsicin, agus is maith le mo mhac cos an tsicín. So phóraigh mé sicín le trí chos.'

 

'Iontach ar fad. Agus an bhfuil na cosa céanna blasta?

 

'Níl fhios agam. Theip orainn greim a bhreith ar diabhal sicín díobh!

Foclóir

cuarbhothar = ring road

soilsí tráchta = trsffic lights

sotalach = cheeky

stracfhéachaint = glance

MSU = míle san uair = MPH

coscáin = brakes

scamall smúite = cloud og dust

osna faoisimh = sigh of relief

ní raibh tásc ná tuairisc = no sign

saor-raoin = free- range

póraigh = to breed

diabhal sicín = devil a chicken





 
 
 

Recent Posts

See All
Ag forbairt foclóra; -(i)úil

-(i)úil . With this little word-ending it is possible to expand foclóir exponentially with words and phrases used in daily comhrá. The examples below are just a fraction of the variables. I've grouped

 
 
 
Séadna 6 An Fear Dubh Sáraithe

Séadna 6, An Fear Dubh sáraithe Thug muinntir an bhaile fé ndeara go raibh Séadna i bhfad níos ciúine, neamhchainteach ná mar a bhíodh sé. Is annamh a bhíodh gáire le cloisint sa cheardlann anois. Nu

 
 
 
Séadna 5 Tagann An Diabhal ar ais

Séadna 5 Tagann an Fear Dubh ar ais   D'imigh na trí bliana déag thart ar cosa in áirde. Ar an lá deireannach bhi Séadna cinnte go mbeadh an Fear Dubh ag teacht um mheán oíche. Bhí Séadna ina shuí co

 
 
 

Comments


bottom of page