top of page

Séadna, an t-Athair Peadar Ua Laoghaire

  • Jan 10
  • 2 min read

Tús scéil Shéadna

Caibidil 1


Séadna ar an mbóthar

Gréasaí ab ea Séadna. Bhí tigín ceann tuí, a thóg sé féin, aige.

Bhí trí rudaí aige go raibh sé an-bhródúil astu: a chathaoir shúgáin, a rinne sé féin, mála mine ag crochadh cois tine, agus a chrann úll.

Nuair a bhíodh obair an lae críochnaithe aige shuífeadh sé  ina chathaoir cois tine ar a shástacht. Nuair a bhí ocras air thógadh sé lán a dhoirn as an mála mine, agus nuair a bhí tart air ag cogaint na mine chuireadh sé a lámh sa chrann úll agus thógadh sé úll blasta.

Ní raibh fear riamh comh sásta áthasach ná Séadna.

 

Lá dá raibh sé ag obair thug sé fé ndeara nach raibh a thuilleadh leathair aige, ná a thuilleadh snáithe ná a thuilleadh céarach aige. Bheadh air dul go Mágh Chruma. Ní raibh ina phóca ach trí scilling.

 

Ar an mbóthair siar go Magh Chruma bhuail sé le leanbh álainn:

'In ainm Dé, a Shéadna, tabhair dom rud éigin le n-ithe tá mé ag fáil bháis leis an t-ocras!'

'Ó, a leanbh bocht, níl rud ar bith agam le n-ithe, ach seo dhuit scilling, agus cheannaigh rud le n-ithe duit féin.'

 

'A Shéadna, tá rud mór déanta agat ar son Dé agus geobhaidh tú luach.'

D'imigh an leanbh as radharc.

 

Ní raibh ach achar ghearr siúlta aige nuair a thug sé fé ndeara bean álainn cosnochtaithe:  

'In ainm Dé, a Shéadna, tabhair dom rud éigin le n-ithe tá mé ag fáil bháis leis an t-ocras!'

 

'Ó, a bhean uasal, níl rud ar bith agam le n-ithe, ach seo dhuit scilling, agus cheannaigh rud le n-ithe duit féin.'

'A Shéadna, tá rud mór déanta agat ar son Dé agus geobhaidh tú luach.'

D'imigh an bhean as radharc.

 

Achar ghearr eile ar thaobh an bhóthair bhí seanfhear:

'In ainm Dé, a Shéadna, tabhair dom rud éigin le n-ithe tá mé ag fáil bháis leis an t-ocras!'

 

'Tóg mo scilling dheireannach agus cheannaigh rud éigin le n-ithe duit féin.'

'A Shéadna, tá rud mór déanta agat ar son Dé agus geobhaidh tú luach.'

D'imigh seisean as radharc.

Foclóir

gréasaí (bróg) = cobbler

ceann tuí = thatched

súgán = straw plait

min = oatmeal

snáth = thread(hemp)

céir = wax

cosnochtaithe = barefoot

fé ndeara = faoi dheara = noticed

imigh as radharc = disappear

Luach = reward

achar ghearr = a short distance






 
 
 

Recent Posts

See All
Bóithrín na Smaointe

Ar Bhóithrín na smaointe Lá breá brothallach, deireadh na Márta,  a bhí ann. Lá a bhí ag geallúint go raibh an Geimhreadh thart, an t-Earrach linn agus an Samhradh ag teacht.   Bhí mé im' shuí ar bhin

 
 
 
Jimín Caib. 5(b) bróga nua

Jimín Caib. 5(b) Bróga nua. In which Jimín is amazed by the size of 'an Daingean'; how thirsty the people are; the many pubs and the dreadful black stuff they drink. Mam gets him a new pair of boots w

 
 
 
Jimín 5(a) Ar an Aonach

In which Jimín goes to the Fair with his Dad - something he had been promised for a long time. They have four beasts, which Jimín has to keep driving out of the fields along the road. At the Fair he e

 
 
 

Comments


bottom of page