Séadna, Caib 2
- Padraig de Baroid
- Jan 12
- 2 min read
Séadna is na trí Ghuí
Shuigh Séadna cráite ar thaobh an bhóthair:
Cad a dhéanfad. Gan airgead, gan leathair ní bhead ábalta bróga a dhéanamh?
Raghad go Diarmaid, fear an tsiopa leathair, agus tabhairfidh sé leathair ar iasacht dom go dtí go mbeidh na bróga déanta agam agus iad díolta aige.
Chuir sé a sheancháibín ar a cheann agus cheangal sé a sheanchóta giobalach timpeall air le téad agus bhuail sé an bóthar go Mágh Chruma.
Ní raibh ach achar ghearr siúlta aige nuair a thug sé fé ndeara Aingeal geal ós chionn:
'A Shéadna, is Aingeal mé. Tá Dia baoch duit. Tá trí ghuí agat le fáil ó Dhia na Glóire. Iarr aon rud is maith leat, ach coimeád i gcuimhne d'anam - go mbeidh leaba agat i measc na Naomh nuair a gheobhair bás.'
'Aon trí rud ar bith is maith liom?'
Níor thug an t-Aingeal freagra
Tar éis tamaillín ag smaoineamh lean Séadna:
'Tá cathaoir shúgáin bheag dheas agam agus is maith liom tar éis obair an lae suí ann ar mo shuaimhneas, ach an uile bhligeard a thagann isteach ní foláir dó suí inti ag ligint a scíth, agus nil áit ar bith domsa.
'An chéad duine eile a shuífidh inti ach mé féin go gceangla sé inti!.'
'Faire, a Shéadna, sin guí gan tairbhe. Cuimhnigh ar d'anam.'
'Tá mála beag mine agam sa bhaile, ach an uile bhligeard a thagann isteach ní foláir dó a dhorn a shá inti.
An chéad duine eile a chuirfidh a lámh inti ach mé féin go gceangla sé inti!
Nach agam a bheidh an spórt orthu!'
'Ó, a Shéadna', arsan t-Aingeal, 'sin guí eile gan tairbhe. Níl ach guí amháin fágtha. Ná dein dearmad ar d'anam!'
Bhí Séadna ag scairteadh ar gháirí. Ní raibh sé ag éisteacht leis an t-Aingeal.
'Ba bheag nár dhein mé dearmad: tá crann beag úll agam, agus an uile bhligeard a thagann chugam ní foláir dó a lámh a chur in airde agus úll a bhreith leis:
An chéad duine eile a chuirfidh a lámh sa chrann ach mé féin go gceangla sé ann!'
D'imigh an t-Aingeal as radharc.
Rith sé le Séadna cad a bhí déanta aige.
'Ó, nach mise an t-amadán is mó in Éirinn. Cad 'na thaobh nár iarr mé airgead, nó capall, nó bó. Níl leathair agam, ná snáth, ná céir agam. Ní mór dom dul go dtí Diarmaid agus leathair ar iasacht a fháil.
Bhuail sé an bóthar go Mágh Chruma arís.
Foclóir
déanfad = déanfaidh mé
raghad = rachaidh mé= I will go
baoch = buíoch =grateful
geobhair = geobhaidh tú = you will get
bligeárd = blackguard
ní foláir dó = he has to
go gceangla = may he be tied
gan tairbhe = without benefit
ag scairteadh ar gháirí = in fits of laughter
Rith sé leis = it occurred to him
ar iasacht = on loan
Comments