top of page

Tús Geal na hAthbhliana

  • Jan 7
  • 2 min read

Tháinig an sneachta inniu

Tús geal na hAthbhliana

 

Bhagair an réamhfhaisnéis aimsire sneachta is sinn ar ti fáilte a chur roimh an Bhliain Nua. Bhí ceist ann an comóradh a chur ar ceal de bharr oighir a bheith ar na cosáin. Ach i ndeireadh na dála níor tháinig an sneachta Oíche Chinn Bhliana. Leanamar leis an gcóisir seo 'gainne, agus bhí an-am ag cách.


Slán abhaile timpeall leathuair tar éis a haon.

 



Ghealaigh an 2ú lá d'Eanair le sneachta tiubh, tirim, púdrach. Ba ábhar foirfe é do liathróidí sneachta, fir sneachta, agus ag sleamhnú le fána ar trádairí stáine.

 



Ní ro-fhada go raibh na páistí amuigh ag baint mórshuilt as an sneachta; a dtaomanna gháire ag pléascadh go meidhreach. Is deas é fuaim na bpáistí ag súgradh go gealgháireach, gan chúram an Domhain orthu.

 

Cuireann sé i gcuimhne dom laethanta m'óige féin fadó, fadó, sular thit cúramaí an tsaoil orm, agus an

t-ualach trom bheith fásta suas; agus, faraor, slán a fhágáil lem' shaol neamhbhuartha ró-gairid.

 

Ní ro-fhada go mbeidh dualgaisí ar na páistí thuas a thachtóidh lúcháir an tsaoil astu.

 

Im' sheanaois anois, seo mo chomhairle dóibh: 'carpe diem' mar a scríobh Horace, an file Romhánach, na cianta ó shin. Ní bheidh tú óg ach uair amháin: beir greim air agus ná géill é ro-luath.

 

Seo chugam m'iarua, Eoin, deich mbliana d'aois, saor ón scoil de bharr an sneachta:

'liathróidí sneachta, a Dhaideo!'

'Cinnte, a bhuachaill, beidh mé leat díreach!'




 

Tá mé thar brú cúramaí an tsaoil - buntáiste amháin den seanaois.


Foclóir

Bhagair = threatened

réamhfhaisnéis = forecast

ar ceal = postpone

i ndeireadh na dála = at the end of the day

an-am = great time

ghealaigh = dawned

foirfe = perfect

taom gáire = fit of laughter

saol neamhbhuartha = carefree life

carpe diem = seize the day

iarua = great grandson



 
 
 

Recent Posts

See All
Bóithrín na Smaointe

Ar Bhóithrín na smaointe Lá breá brothallach, deireadh na Márta,  a bhí ann. Lá a bhí ag geallúint go raibh an Geimhreadh thart, an t-Earrach linn agus an Samhradh ag teacht.   Bhí mé im' shuí ar bhin

 
 
 
Jimín Caib. 5(b) bróga nua

Jimín Caib. 5(b) Bróga nua. In which Jimín is amazed by the size of 'an Daingean'; how thirsty the people are; the many pubs and the dreadful black stuff they drink. Mam gets him a new pair of boots w

 
 
 
Jimín 5(a) Ar an Aonach

In which Jimín goes to the Fair with his Dad - something he had been promised for a long time. They have four beasts, which Jimín has to keep driving out of the fields along the road. At the Fair he e

 
 
 

Comments


bottom of page